Dúirt Íosa léi: “Mise é atá ag caint leat.”
Chuir sé mar acht ar na deisceabail ansin gan a rá le duine ar bith gurbh é féin an Críost.
An ea nach bhfuil cead agam mo rogha ní a dhéanamh le mo chuid féin? Nó an ea go bhfuil do shúilse éadmhar de bhrí go bhfuilim féin maith?’
Agus féach, tá daoine ar deireadh a bheidh ar tosach, agus tá daoine ar tosach a bheidh ar deireadh!”
Táim á insint sin daoibh anois, roimh ré, sula dtarlaíonn sé, i dtreo, nuair a tharlaíonn sé, go gcreidfidh sibh gur mise é.
Uime sin a dúirt mé libh: ‘Gheobhaidh sibh bás in bhur bpeacaí.’ Mura gcreideann sibh gur mise é, Gheobhaidh sibh bás in bhur bpeacaí.”
“Nuair a thógfaidh sibh in airde Mac an Duine, ansin beidh a fhios agaibh gur mise é, agus nach ndéanaim aon ní uaim féin, ach gur mar a theagasc an tAthair dom a labhraím na nithe seo.