Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eoin 4:20

An Bíobla Naofa 1981

Ar an gcnoc seo a rinne ár n‑aithreacha Dia a adhradh, ach deir sibhse gur in Iarúsailéim atá an áit in ar cóir adhradh a dhéanamh.”

Féach an chaibidil Cóip

20 Tagairtí Cros  

Dúirt an Tiarna leis: “D'eist mé le d'urnaí agus leis an achainí a rinne tú os mo chomhair. Choisric mé an teach seo a thóg tú, agus chuir mé m'ainm ann go brách; beidh mo shúile agus mo chroí ann go brách na breithe.

Thóg Dáiví altóir ansiúd don Tiarna agus d'ofráil íobairtí uileloiscthe agus íobairtí comaoineach. Ghlaoigh sé ar an Tiarna agus d'fhreagair an Tiarna é le tine ó neamh ar altóir an uileloiscthe,

Ansin dúirt Dáiví: “Anseo a bheidh teach an Tiarna, Dia; anseo a bheidh altóir an uileloiscthe d'Iosrael.”

ach gur roghnaigh mé Iarúsailéim le go lonnódh m'ainm ann agus gur roghnaigh mé Dáiví le mo phobal Iosrael a rialú.’

Ansin thaispeáin an Tiarna é féin do Sholamh san oíche agus dúirt sé leis: “D'éist mé le d'urnaí. Thogh mé an áit seo dom féin mar theach íobartha.

Anois agus feasta tá an teach seo tofa agus coisricthe agam le go mbeadh m'ainm ann go brách; beidh mo shúile agus mo chroí ann go brách na breithe.

Óir roghnaigh an Tiarna Síón; is é ba rogha leis mar áras dó féin.

Ach rinne sé rogha de threibh Iúdá; Sliabh Shíón dár thug sé grá.

Seo mar a deir an Tiarna: Is iad na spéartha mo chathaoir ríoga agus an talamh stól mo chos! Cá bhfuil an teach a d'fhéadfadh sibh a thógáil dom? Cén áit a dhéanfadh cónaí dom?

Ach ní ghlacfaí san áit sin é de bhrí gur ar Iarúsailéim a bhí a thriall.

An amhlaidh gur mó thú ná ár n‑athair Iacób a thug dúinn an tobar agus gur ól sé féin as agus a chlann agus a thréada?”

Nuair a thabharfaidh an Tiarna do Dhia thú isteach sa tír ina bhfuil tú ag dul le seilbh a ghabháil air, cuirfidh tú an bheannacht ar Shliabh Gheirizím agus an mhallacht ar Shliabh Éabál.

“Nuair a rachaidh sibh thar Iordáin anonn seasaidís seo ar Shliabh Girizím chun an pobal a bheannú: Símeon, Léiví, Iúdá, Íosácár, Iósaef, agus Biniáimin.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí