Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eoin 4:14

An Bíobla Naofa 1981

Ach má olann aon duine an t‑uisce a thabharfaidh mise dó, ní bheidh tart air go brách na breithe. Ach an t‑uisce a thabharfaidh mise dó, déanfaidh tobar uisce de istigh ann, ag brúchtaíl chun na beathn síoraí.”

Féach an chaibidil Cóip

32 Tagairtí Cros  

Ocras ná tart ní bheidh orthu feasta, ní loiscfear iad le gaoth ná le grian. Óir an té a ghlac trua dóibh, beidh sé á gcinnireacht agus á mbuachailleacht cois toibreacha fíoruisce.

Hóigh, a lucht an íota, tagaigí faoi choinne uisce; fiú mura bhfuil airgead agaibh, tagaigí; Ceannaigí cruithneacht agus ithigí gan díol as, agus fíon agus bainne gan íoc.

Beidh an Tiarna do do threorú de shíor agus ag riar do ghá faoi loscadh na gréine. Cuirfidh sé smior i do chnámha agus beidh tú mar ghairdín a fuair riar uisce, ar nós tobar nach dtéann a chuid uiscí i ndísc.

Mar rinne mo phobalsa coir dhúbalta: thréig siad mise, foinse an uisce bheo, agus thochail siad dabhcha dóibh féin, dabhcha pollta nach gcoinníonn uisce.

Óir tugaimse suaimhneas don anam cortha agus sólás don anam doilíosach.”

Aon áit a sileann an abhainn mairfidh gach dúil bheo a chorraíonn inti agus beidh flúirse éisc ann; de bhrí go mbíonn sláinte aon áit a dtéann an t‑uisce agus go mbíonn an t‑anam i ngach dúil aon áit a sileann an abhainn.

(Foinsí toibreacha agus linnte uisce, áfach, fanaidís glan;) aon ní a bhaineann le conablach díobh, bíodh sé neamhghlan.

Agus imeoidh siad leo, iad seo isteach i bpionós síoraí, ach na fíréin i mbeatha shíoraí.”

“Is méanar dóibh seo a bhfuil ocras agus tart chun na fíréantachta orthu, óir sásófar iad.

Ní thagann an bithiúnach ach chun bheith ag goid, ag marú agus ag milleadh. Tháinig mise chun go mbeadh an bheatha acu agus go mbeadh sí acu go fial.

agus gach duine a mhaireann is a chreideann ionamsa, ní bhfaighidh sé bás choíche. An gcreideann tú an méid sin?”

D'fhreagair Íosa: “Dá mba eol duit tabhartas Dé,” ar sé léi, “agus cé hé a deir leat: ‘Tabhair dom deoch,’ is tusa a bheadh ag iarraidh airsean, agus thabharfadh sé duit uisce beo.”

“Níl aon bhuicéad agat, a dhuine uasail,” arsa an bhean leis, “agus tá an tobar domhain. Cad as mar sin a gheobhfá an t‑uisce beo seo?

D'fhreagair Íosa: “Gach duine a ólann an t‑uisce seo,” ar sé léi, “beidh tart arís air.

Tá a thuarastal á fháil ag an mbuanaí cheana féin, agus tá toradh á bhailiú aige chun na beatha síoraí, i dtreo go bhfuil lúcháir ar an síoladóir agus ar an mbuanaí in éineacht.

Ná saothraigí an bia a théann amú, ach saothraigí an bia a mhaireann chun na beatha síoraí, é siúd a thabharfaidh Mac an Duine daoibh. Óir is air sin a chuir Dia an tAthair a shéala.”

“Mise arán na beatha, an té a thagann chugamsa ní bheidh ocras air choíche, agus an té a chreideann ionamsa ní bheidh tart air choíche.

Is é seo an t‑arán a tháinig anuas ó neamh. Ní ionann is an manna ar ith bhur n‑aithreacha é agus go bhfuil siad marbh; an té a itheann an t‑arán seo, mairfidh sé go deo.”

Lá mór deireanach na féile sheas Íosa agus ghlaoigh in ard a ghutha: “Má tá tart ar aon duine,” ar sé, “tagadh sé chugamsa agus óladh sé!

ionas, mar a tháinig an peaca i réim tríd an mbás, go dtiocfadh an grásta i réim tríd an bhfíréantacht chun na beatha síoraí trí Íosa Críost ár dTiarna.

Mar pá ón bpeaca is ea an bás, ach tabhartas ó Dhia is ea an bheatha shíoraí in Íosa Críost ár dTiarna.

agus a bhuail a stampa orainn agus a chuir geall an Spioraid inár gcroí.

Ná cuirigí brón ar Spiorad Naofa Dé a bhfuil a stampa buailte oraibh i gcomhair lá na fuascailte.

Rinne sibh bhur n‑anam a íonghlanadh trí umhlú don fhírinne le haghaidh grá gan cur i gcéill do na bráithre; tugaigí grá díograiseach dá chéile, más ea, ó chroí glan.

Ach is feasach dúinn fós gur tháinig Mac Dé agus gur thug éirim dúinne le go n‑aithnímis an té atá fíor. Agus mairimid sa té atá fíor, is é sin ina Mhac Íosa Críost.

ní bheidh tart orthu feasta, ná ocras, ná ní chiapfaidh an ghrian iad ná an brothall dearg.

Óir, an tUan atá i lár baill ag an ríchathaoir, is é a bheidh mar aoire acu, agus treoróidh sé iad go toibreacha na beatha; agus glanfaidh Dia an uile dheoir dá súile.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí