Tá a fhios agam nach aon ní ar fónamh atá lonnaithe ionam, is é sin le rá sa chuid chollaí díom, mar bíonn fonn an dea-ghnímh orm ach ní bhfaighim ionam é a chur i gcrích.
A bhuí le Dia go bhfuasclófar mé trí Íosa Críost ár dTiarna. Má fhágtar fúm féin mé, mar sin, is amhlaidh a bhím ag fónamh do dhlí Dé le m'aigne agus ag fónamh do dhlí an pheaca le mo cholainn.
Mar fad a mhaireamar sa cholainn, bhíodh na hainmhianta peacúla úd a bhíonn á gcothú ag an dlí go gníomhach inár mbaill bheatha ag tabhairt toraidh don bhás.
Más faoi réir na colainne a mhaireann sibh tá an bás i ndán daoibh; ach má bhásaíonn sibh gníomhartha na colainne le cúnamh an Spioraid, mairfidh sibh beo.
Bhíomarna uile ar an mbuíon sin tráth, nuair a ghéillimis d'ainmhianta na colainne agus nuair a dhéanaimis riar na colainne agus a cuid smaointe. Bhí fearg Dé anuas orainne ó dhúchas chomh maith le cách eile.
Is ann freisin a timpeallghearradh sibhse ach ní leis an timpeallghearradh a rinneadh le láimh an duine é ach le timpeallghearradh Chríost, trínar baineadh an nádúr collaí anuas díbh.