An té a bhfuil an nuachair aige, sin é an céile; ach cara an chéile, atá ina sheasamh ag éisteacht leis, tagann racht áthais air de bharr guth an chéile. An t‑áthas mar sin atá ormsa, tá sé iomlán.
Seo isteach i mo ghort mé, a shiúr liom, a bhrídeach, ag bailiú mo mhirr agus mo bhalsaim, ag ithe mo mheala agus mo chriathair, ag ól m'fhíona agus mo bhainne; ithigí, a chairde, ólaigí, déanaigí meidhir, a chairde cumainn.
Óir do Chruthaitheoir, is é is céile duit, agus Tiarna na Slua is ainm dó; Neach Naofa Iosrael, is é do shlánaitheoir é, ar a dtugtar Dia an domhain uile.
“Imigh agus fógair é seo in éisteacht Iarúsailéim: Seo mar a deir an Tiarna: ‘Cuimhním ar dhíograis d'óige, do ghean brídeoige an t‑am ar shiúil tú i mo dhiaidh san fhásach, i bhfearann nár cuireadh.
Ar ghabháil tharat arís dom d'amharc mé ort. Bhí tú aibí chun grá; leath mé beann mo chlóca ort agus chlúdaigh do tharnochtacht: sea, thug mé mionn duit, chuaigh mé i gconradh leat - an Tiarna Dia a labhraíonn - agus ba liomsa thú.
Dúirt Íosa leo: “An féidir go mbeadh ógánaigh na bainise ag déanamh bróin fad a bhíonn an fear nuaphósta leo? Ach tiocfaidh na laethanta nuair a bheidh an fear nuaphósta tógtha uathu agus déanfaidh siad troscadh ansin.
agus ar theacht abhaile dó, glaonn sé a chairde agus a chomharsana le chéile, ag rá leo: ‘Déanaigí comhghairdeas liom, óir, an chaora a bhí caillte agam, fuair mé í.’
Cé go bhfuil mórán agam le scríobh chugaibh, b'fhearr liom gan a chur ar phár le dúch, ach tá súil agam a theacht in bhur measc agus labhairt go díreach libh le go mba lán ár lúcháir.
Ansin tháinig ceann de na haingil ag a raibh na seacht soitheach a bhí lán de na seacht bplá dheiridh agus d'agaill sé mé á rá: “Tar, agus taispeánfaidh mé duit an nuathair, céile an Uain.”