Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eoin 3:28

An Bíobla Naofa 1981

Is finnéithe sibh féin orm go ndúirt mé: ‘Ní mise an Críost, ach gur cuireadh roimhe amach mé.’

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

“Féach! Tá mo theachtaire á chur amach agam chun an bóthar a réiteach romham; agus an Tiarna atá á lorg agaibh, rachaidh sé isteach ina Theampall go tobann; agus aingeal an chonartha, a bhfuil sibh ag tnúth leis, tá sé ag teacht, a deir Tiarna na Slua.

Ag tagairt dó seo a bhí an chaint a dúirt Íseáia fáidh: “Glór duine ag éamh san fhásach: ‘Réitígí bóthar an Tiarna, déanaigí díreach a chasáin.’ ”

Agus tusa, a leanbh, glaofar ortsa fáidh an Té is Airde, óir gluaisfidh tú roimh an Tiarna ag ullmhú a bhóthar,

“Cé hé thusa?” D'admhaigh sé agus níor shéan agus d'admhaigh sé: “Ní hé an Críost mé.”

Dúirt sé: “Is glór duine mé ag éamh san fhásach: ‘Déanaigí díreach bóthar an Tiarna,’ mar a dúirt Íseáia fáidh.”

agus chuir siad ceist air: “Cén fáth a mbíonn tú ag baisteadh más ea,” ar siad, “mura thú an Críost, nó Éilias, nó an fáidh?”

an té atá ag teacht i mo dhiaidh, nach fiú mé iall a chuarán a scaoileadh.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí