Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eoin 3:27

An Bíobla Naofa 1981

D'fhreagair Eoin: “Ní féidir do dhuine aon ní a ghlacadh,” ar sé, “mura dtugtar dó ó neamh.

Féach an chaibidil Cóip

27 Tagairtí Cros  

“Sular chum mé thú sa bhroinn bhí aithne agam ort; sular rugadh thú choisric mé thú; d'ordaigh mé thú i d'fháidh do na ciníocha.”

Ach maidir liomsa, níor spreag mé riamh thú chun an oilc, ní mó ba mhian liom an lá mairgneach, tá a fhios seo agatsa; ní raibh an rud a tháinig as mo bhéal i bhfolach ort.

ach ba é an Tiarna a thóg mé ón mbuachailleacht agus ba é a dúirt liom: ‘Téigh agus tairngir do mo phobal Iosrael.’ ”

An té a dtiocfaidh bláth ar a chraobh, sin é an té atá tofa agam; sin mar a chuirfidh mé deireadh leis na gearáin atá á ndéanamh ag clann Iosrael i d'aghaidh.”

Baisteadh Eoin, cárbh as dó? Ó neamh nó ó dhaoine?” Ach bhí siad ag machnamh mar seo ina gcroí: “Má deirimid: ‘Ó neamh,’ déarfaidh sé linn: ‘Cén fáth nár chreid sibh ann, mar sin?’

thug cúig thallann do dhuine acu, a dó do dhuine eile, aon tallann amháin do dhuine eile - do gach duine de réir an chumais a bhí ann - agus d'fhág an tír.

Is é dála duine é a d'fhág a theach agus a d'imigh ar an gcoigríoch; thug sé an t‑údarás dá sclábhaithe, gach duine díobh i mbun a chúraim féin; agus d'ordaigh sé don doirseoir faire a dhéanamh.

Agus tháinig na sluaite chuige agus deiridís: “Ní dhearna Eoin aon mhíorúilt, ach na nithe go léir a dúirt Eoin mar gheall ar an duine seo, b'fhíor dó iad.”

Lean sé air: “Uime sin is ea a dúirt mé libh nach féidir d'aon duine teacht chugam gan sin a bheith tugtha dó ag m'Athair.”

Is trídsean a fuair mise grásta an aspail chun géillsine an chreidimh a leathadh ar son a ainm i measc na náisiún uile.

Na tíolacthaí atá againn tá siad éagsúil le chéile de réir an ghrásta a tugadh dúinn. Mar sin, an té a fuair bua na fáistine déanadh sé fáistine de réir an chreidimh.

Mise Pól, a bhfuil glaoite air de dheoin Dé chun bheith ina aspal ag Íosa Críost, agus an bráthair Sóstainéas in éineacht liom,

Ach is é an Spiorad ceanann céanna a bhíonn ag oibriú sna tíolacthaí seo uile agus é ag dáil ar gach duine faoi leith de réir mar is áil leis féin.

Ach le grásta Dé táim mar atáim agus ní díomhaoin a bhí a ghrásta i mo leith. Níorbh ea go deimhin mar is déine a shaothraigh mé ná aspal ar bith acu, siúd is nach mise faoi deara é ach grásta Dé a bhí ag obair liom.

Céard é Apollós nó céard é Pól? Níl iontu ach na seirbhísigh trínar chreid sibh, gach duine acu mar a dháil an Tiarna air:

Cé a thugann an seasamh ar leith duitse? Céard atá agat nach bhfuair tú? Agus más amhlaidh a fuair tú é, cad ab áil leat bheith ag maíomh as faoi mar nach bhfuair tú é.

Mise Pól aspal - ach ní ó dhaoine ná trí dhuine ach trí Íosa Críost agus Dia an tAthair, a thóg ó mhairbh é.

Mise Pól, aspal Íosa Críost de dheoin Dé ag beannú do na naoimh (in Eifeasas) atá dílis i gCríost.

ní bréag atáim a rá ach an fhírinne lom - ceapadh mise i mo bholscaire agus i m'aspal aige chun an creideamh agus an fhírinne a mhúineadh do na gintlithe.

Níl aon dea-thíolacadh, ná aon tabhartas foirfe, nach anuas a thagann sé, ag teacht anuas ó Athair na soilse, nach bhfuil aon mhalartú ina láthair ná aon scáil athraithe.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí