Ina dhiaidh sin tháinig Íosa agus a dheisceabail i ndúiche Iúdáia agus d'fhan sé ansiúd leo agus bhí ag déanamh baiste.
Bhí Cáisc na nGiúdach in achmaireacht agus chuaigh Íosa suas go Iarúsailéim dá bhrí sin.
Fuair Íosa cuireadh chun an phósta freisin, agus a dheisceabail.
Bhí Eoin ag baisteadh comh maith in Aenón in aice le Sailím mar bhí fliúirse uisce ann; agus thagadh na daoine ann agus bhaistí iad.
Tháinig siad chun Eoin agus dúirt siad leis: “A raibí, an té a bhí farat lastall den Iordáin, an té ar a ndearna tú fianaise, féach, tá seisean ag déanamh baiste agus tá na daoine go léir ag dul chuige.”
Dúirt a bhráithre leis dá bhrí sin: “Fág an áit seo agus imigh go Iúdáia ionas go bhfeicfidh do dheisceabail na hoibreacha atá tú a dhéanamh.