Ansin thóg sí an t‑oigheann, agus scaoil amach os a chomhair iad, ach dhiúltaigh sé greim a ithe. “Imíodh gach aon duine amach uaim,” arsa Amnón, agus d'imíodar.
D'fhreagair rí Iosrael Iahóiseáfát: “Tá aon duine amháin eile ónar féidir linn comhairle an Tiarna a fháil, ach is gráin liom é mar nach mbíonn riamh aon tairngreacht fhónta aige domsa, ach droch-chinn; Míocáia mac Imleá an duine sin.” “Níor chóir don rí a leithéid sin a rá,” arsa Iahóiseáfát.
Agus d'éirigh sí meán oíche, agus thóg mo mhacsa ó mo chliathán agus d'ionailt ina codladh, agus chuir chuici ina hucht é agus chuir a mac marbh chugamsa i m'uchtsa.