Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eoin 3:11

An Bíobla Naofa 1981

Go deimhin féin a deirim leat, an ní is eol dúinn is air a labhraimid, agus an ní a chonacamar is air a thugaimid fianaise, ach ní ghlacann sibh ár bhfianaise.

Féach an chaibidil Cóip

31 Tagairtí Cros  

Cén fáth, nuair a tháinig mé, nach raibh aon duine ann romham, agus nuair a ghlaoigh mé, nach raibh duine le mé a fhreagairt? An amhlaidh, dar libh, atá mo lámh róghearr chun fuascailte? An é nach bhfuil cumas ionam chun tarrthála? Focal aithise uaim agus triomaím an fharraige, déanaim gaineamhlach de na haibhneacha; tá a gcuid éisc marbh cheal uisce agus ag morgadh leis an triomach.

“Cé a chreidfeadh an scéal is clos dúinn, agus neart an Tiarna, cé dó a nochtadh é?”

Is amhlaidh atá tú mar fhinné agam do na ciníocha, i do cheannaire agus i do cheann comhairle ar na náisiúin.

Bhí mo lámha sínte amach agam an lá ar fad chuig pobal míréireach agus iad ag dul bealach nárbh fhónta, de réir a dtallann féin,

Tá gach aon ní tugtha domsa ag m'Athair. Agus níl aithne ag aon neach ar an Mac ach amháin ag an Athair, ná níl aithne ag aon neach ar an Athair ach amháin ag an Mac agus an té ar toil leis an Mac a fhoilsiú dó.

“A Iarúsailéim, a Iarúsailéim, tusa a mharaíonn na fáithe agus a chlochann iad seo a cuireadh chugat, cad é chomh minic is ab áil liom do chlann a bhailiú, ar nós mar a bhailíonn an chearc a hál faoina sciatháin, agus níorbh áil libh!

Tá gach aon ní tugtha domsa ag m'Athair. Agus ní eol d'aon neach cé hé an Mac ach amháin don Athair, ná cé hé an tAthair ach amháin don Mhac agus don té ar toil leis an Mac a fhoilsiú dó.”

Chun a chuid féin a tháinig agus níor ghlac a mhuintir é.

Ní fhaca aon duine riamh Dia. An tAonghin atá i gcochall chroí Dé, eisean a d'aithris.

Óir ní uaim féin a labhair mé, ach an tAthair féin a chuir uaidh mé, thug seisean ordú dom, cad a déarfainn agus cad a labhróinn.

An té nach mbíonn grá aige dom, ní choinníonn sé mo bhriathra. Ach an briathar a chluineann sibh, ní liom féin é, ach leis an Athair a chuir uaidh mé.

Má inis mé nithe talmhaí daoibh, agus nach gcreideann sibh, cén chaoi a chreidfidh sibh, má insím nithe neamhaí daoibh?

Níl aon duine a chuaigh suas ar neamh, ach an té a tháinig anuas ó neamh, Mac an Duine [atá ar neamh].

D'fhreagair Íosa: “Amen, Amen,” ar sé leis, “mura nginfear duine athuair ní féidir dó ríocht Dé a fheiceáil.”

D'fhreagair Íosa: “Go deimhin féin a deirim leat, mura ngintear duine ó uisce agus ón Spiorad, ní féidir dó dul isteach i ríocht Dé.

Tháinig mise in ainm m'Athar, agus ní ghlacann sibh mé; má thagann duine eile ina ainm féin, glacfaidh sibh eisean.

D'fhreagair Íosa ansin: “An teagasc seo a thugaim,” ar sé, “ní liomsa é ach leis an té a chuir uaidh mé.

D'fhreagair Íosa: “Cé go bhfuil mé ag tabhairt fianaise i mo thaobh féin, is iontaofa í m'fhianaise, óir is eol dom cad as ar tháinig mé agus cá bhfuil mo thriall. Ach ní eol daoibhse cad as ar tháinig mé nó cá bhfuil mo thriall.

Tá a lán agam le rá agus le cáineadh agam in bhur dtaobh. Ach is fíor é an té a chuir uaidh mé agus na nithe a chuala mé uaidh is iad a labhraím sa saol.”

Insím daoibhse na nithe a chonaic mé fara m'Athair. Ach déanann sibhse na nithe a chuala sibh ó bhur n‑athair.”

chonaic mé é agus é á rá liom: ‘Brostaigh, agus imigh leat go tapa as Iarúsailéim mar ní ghlacfaidh siad le do chuid fianaise ormsa.’

is é sin ar lucht an díchreidimh a bhfuil an intinn dallta iontu ag dia an tsaoil seo ar eagla go lonródh an solas orthu, solas niamhrach dea-scéil Chríost, an té is macasamhail de Dhia féin.

agus ó Íosa Críost an finné dílis, an chéadghin ó mhairbh, rialtóir ríthe an domhain. Don té a bheir grá dúinn, agus a scaoil sinn ónár gcionta trína fhuil féin,

“Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i Láoidícéa: ‘Mar seo a deir an tAmen, an finné dílis fírinneach, céadtús chruthúnas Dé.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí