Dúirt Íosa leo: “Tugaigí anseo cuid de na héisc a ghabh sibh anois.”
Agus ó bhí siad gan a chreidiúint fós le barr áthais, agus iad ag déanamh ionadh de, dúirt sé leo: “An bhfuil rud ar bith anseo agaibh a d'íosfaí?”
Ansin chuaigh Peadar ar bord agus tharraing sé an eangach i dtír, agus í lán d'éisc mhóra, céad agus caoga a trí díobh; agus bíodh go raibh siad chomh mór sin níor bhris an eangach.
Tháinig Íosa agus thóg an t‑arán agus thug dóibh é, agus mar an gcéanna leis an iasc.
Nuair a tháinig siad i dtír mar sin, chonaic siad arán ansiúd agus tine ghualaigh agus iasc uirthi.
Agus thóg Íosa na builíní, d'altaigh, agus roinn iad ar na daoine agus iad ina suí; agus mar an gcéanna oiread agus a b'áil leo de na héisc.
“Tá ógánach anseo a bhfuil cúig builíní eorna aige, agus dhá iasc, ach cá rachadh an méid sin ar oiread daoine?”