Bhí go leor fearta eile fós a rinne Íosa os comhair a dheisceabal, agus níl aon chur síos orthu sa leabhar seo.
Rinne Íosa an chéad cheann sin dá chomharthaí i gCána sa Ghailíl, agus thaispeáin sé a ghlóir agus chreid a dheisceabail ann.
Tá a lán nithe eile a rinne Íosa agus dá scríofaí iad ina gceann is ina gceann, ní bheadh, dar liom, slí ar domhan féin do na leabhair a bheadh á scríobh.
Lean slua mór é mar chonaic siad na comharthaí a bhí sé a dhéanamh ar lucht tinnis.
Gach ar scríobhadh fadó is dár dteagascna a scríobhadh é chun go mbeadh an fhoighne agus an sólás atá le fáil sa scrioptúr ina n‑ábhar dóchais againn.
Tharla na nithe sin dóibh mar shampla dúinne agus scríobhadh iad mar rabhadh dúinne ar ar tháinig críoch na n‑aoiseanna.
Scríobh mé na nithe seo chugaibh go mbeadh fhios agaibh go bhfuil an bheatha shíoraí agaibhse a chreideann in ainm Mhic Dé.