Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eoin 20:16

An Bíobla Naofa 1981

“A Mháire,” arsa Íosa léi. D'iompaigh sise agus dúirt as Eabhrais: “Rabúnaí,” is é sin le rá: “A Mháistir!”

Féach an chaibidil Cóip

26 Tagairtí Cros  

Tamall ina dhiaidh sin chuir Dia promhadh ar Abrahám: “A Abrahám, a Abrahám,” ar sé. “Anseo dom,” ar seisean.

Ach ghlaoigh aingeal an Tiarna air ó neamh agus dúirt: “A Abrahám, a Abrahám.” Dúirt sé: “Anseo dom.”

Agus anois feiceann sibh le bhur súile cinn - sibhse agus mo dheartháir Biniáimin - gur liomsa an béal seo ag caint libh.

Nuair a chonaic an Tiarna é agus é ag dul i leataobh á fheiceáil, ghlaoigh Dia air ón tor: “A Mhaois, a Mhaois!” “Anseo dom,” ar sé.

Agus dúirt an Tiarna le Maois: “Déanfaidh mé díreach mar a dúirt tú; óir fuair tú fabhar i mo láthair agus is aithnid dom thú ó ainm.”

Ní fada a ghabh mé tharstu gur theagmhaigh grá mo chroí liom. Rugas greim air nach scaoilfidh mé go dtabharfaidh mé isteach é i dteach mo mháthar i seomra mo bhuime.

I mo chodladh dom, tá mo chroí ina dhuiseacht; cluinim mo ghrá ag an doras: “Oscail dom, a shiúr, a rún, mo cholúr gan éalang, óir is báite mo cheann i ndrúcht, is fliuch m'fholt ón oíche.”

Anois, seo mar a deir an Tiarna, do Chruthaitheoirse, a Iacóib, agus fear do dhealfa, a Iosrael: “Ná bíodh eagla ort, óir tá tú fuascailte agam; ghlaoigh mé ort i d'ainm, agus is liomsa thú.

Ach labhair Íosa leo láithreach: “Bíodh misneach agaibh!” ar seisean, “mise atá ann, ná bíodh eagla oraibh.”

Ansin labhair Íosa leis: “Cad ab áil leat mé a dhéanamh duit?” ar sé. Dúirt seisean leis: “Rabúní, mo radharc a bheith agam!”

Dúirt an Tiarna léi á freagairt: “A Mharta, a Mharta, tá imní ort agus buaireamh mar gheall ar mhórán nithe.

D'iompaigh Íosa, chonaic iad á leanúint agus dúirt sé leo: “Cad tá uaibh?” D'fhreagair siad é: “A raibí” - is é sin le rá “a mháistir” - “Cá bhfuil cónaí ort?”

D'fhreagair Natanael é: “A raibí, is tú mac Dé, is tú rí Iosrael.”

Osclaíonn an doirseoir dó seo agus éisteann na caoirigh lena ghuth, agus glaonn sé ar a chaoirigh féin as a n‑ainm, agus seolann amach iad.

Arna rá sin di, d'imigh sí agus ghlaoigh sí ar Mháire a deirfiúr gan fhios agus dúirt: “Tá an máistir anseo agus tá sé ag glaoch ort.”

Deir sibh: ‘A Mháistir’ liom agus ‘A Thiarna’, agus is le ceart é, óir is mé sin.

D'fhreagair Tomás: “Mo Thiarna agus mo Dhia!”

Tháinig an duine seo chuige san oíche agus dúirt leis: “Tá fhios againn, a raibí, gur oide thú a tháinig ó Dhia óir ní féidir le haon duine na comharthaí seo a dhéanann tú a dhéanamh gan Dia a bheith leis.”

Tá in Iarúsailéim, ag Geata na gCaorach, linn ar a dtugtar Béatsata san Eabhrais, agus ag a bhfuil cúig cholúnáid.

Nuair a fuair siad é taobh thall den fharraige dúirt siad leis: “A raibí, cén uair a tháinig tú anseo?”

Lá amháin timpeall a trí a chlog tráthnóna chonaic sé go soiléir in aisling aingeal Dé ag teacht chuige agus ag rá: “A Choirnéilias.”

Thit sé chun talaimh agus chuala sé an guth á rá leis: “A Shóil, a Shóil, cén fáth a bhfuil tú do mo ghéarleanúint?”

Tháinig an Tiarna ansin agus sheas ansiúd agus ghlaoigh mar a rinne roimhe sin: “A Shamúéil! A Shamúéil!” D'fhreagair Samúéil: “Labhair, tá do sheirbhíseach ag éisteacht.”

Ghlaoigh an Tiarna arís. “A Shamúéil!” D'éirigh Samúéil agus chuaigh go dtí Éilí agus dúirt: “Seo anseo mé mar ghlaoigh tú orm.” Agus d'fhreagair seisean: “Níor ghlaoigh mé ort, a mhic; luigh síos arís.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí