Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eoin 20:14

An Bíobla Naofa 1981

Arna rá sin di, d'iompaigh sí thart agus chonaic sí Íosa ina sheasamh ansiúd ach nár aithin sí gurbh é Íosa é.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Sea, d'aithin Iósaef a dheartháireacha, ach níor aithin siadsan é.

Agus seo Íosa ag teacht faoina ndéin go ndúirt: “Sé bhur mbeatha!” Dhruid siad ina aice agus rug siad barróg ar a chosa ag umhlú dó.

Ina dhiaidh sin thaispeáin sé é féin, i riocht eile, do bheirt acu agus iad ar an tslí ag gabháil amach faoin tuath.

Tar éis aiséirí dó maidin an chéad lae den tseachtain, thaispeáin sé é féin ar dtús do Mháire Mhaigdiléana, an bhean as ar chaith sé seacht ndeamhain amach.

ach bhí a súile coinnithe chun nach n‑aithneoidís é.

Osclaíodh a súile agus d'aithin siad é; ach chuaigh sé ar neamhní uathu.

Ach ghabh sé trína lár agus d'imigh leis.

Nuair a tháinig an mhaidin, bhí Íosa ina sheasamh ar an trá, ach ní raibh a fhios ag a dheisceabail gurbh é Íosa é.

Mar sin, thóg siad suas clocha le caitheamh leis, ach d'fholaigh Íosa é féin agus d'imigh amach as an Teampall.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí