Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eoin 2:9

An Bíobla Naofa 1981

Rug siad, agus nuair a bhlais máistir na fleá an t‑uisce ina fhíon, agus gan a fhios aige cár tháinig sé as (bhí a fhios, áfach, ag an lucht freastail a tharraing an t‑uisce) ghlaoigh an máistir ar an bhfear nuaphósta,

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Is mó mo thuiscintse ná tuiscint na seanóirí; óir comhlíonaim do phroiceapta.

thug siad le hól dó fíon a raibh domlas tríd, ach ar a bhlaiseadh dó, dhiúltaigh sé a ól.

Dúirt Íosa leo: “An féidir go mbeadh ógánaigh na bainise ag déanamh bróin fad a bhíonn an fear nuaphósta leo? Ach tiocfaidh na laethanta nuair a bheidh an fear nuaphósta tógtha uathu agus déanfaidh siad troscadh ansin.

Dúirt sé leo: “Tarraingígí as feasta agus beirigí go dtí máistir na fleá é.”

Chuaigh sé arís dá réir sin go Cána na Gailíle mar a ndearna sé fíon den uisce. Bhí oifigeach ríoga ann a raibh a mhac tinn i gCafarnáum.

Más mian le haon duine a thoil-sean a dhéanamh, aithneoidh sé an ó Dhia an teagasc nó an uaim féin atá mé ag labhairt.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí