Chuaigh den fhíon agus dúirt a mháthair le Íosa: “Níl aon fhíon acu.”
agus fíon a chuireann áthas ar an duine, d'fhonn aoibh a chur ar a aghaidh le hola, agus a chroí a neartú le harán.
Caitear fleá ar son an tsuaircis agus cuireann an fíon gliondar ar na beo ach is é an t‑airgead a chuireann gach uile rud díobh ar fáil.
Táthar ag mairgneach sna sráideanna cheal fíona; tá deireadh leis an uile lúcháir, tá an t‑áthas díbeartha ón tír.
óir is í seo m'fhuilse an tiomna, atá le doirteadh ar son mórán chun peacaí a mhaitheamh.
Chuir na deirfiúracha teachtaireacht chuige á rá: “A thiarna, féach, tá an té is ionúin leat tinn.”
Fuair Íosa cuireadh chun an phósta freisin, agus a dheisceabail.
Dúirt Íosa léi: “Cad ab áil leat díom, a bhean? Níl m'uairse tagtha fós.”
Ná bígí imníoch faoi rud ar bith ach cibé ní atá in easnamh oraibh cuirigí in iúl do Dhia é le hurnaí agus guí agus buíochas buan.