Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eoin 19:41

An Bíobla Naofa 1981

San áit inar céasadh Íosa bhí gairdín, agus sa ghairdín sin bhí tuama nua nár cuireadh aon duine ann riamh roimhe.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Thug a shearbhóntaí a chorp i gcarbad leo ó Mhigideo, agus thugadar é go Iarúsailéim, agus chuireadar é ina thuama féin. Agus thóg muintir na tuaithe Iahóácház mac Ióisíá agus rinneadar é a ungadh agus a fhógairt ina rí i gcomharbacht ar a athair.

‘Cén ceart nó cén gnó atá agat anseo go bhfuil tú ag gearradh tuama duit féin ann, ag gearradh amach tuama ar an ard, ag snoí seomra duit féin sa charraig?’

agus chuir ina thuama nua féin é a bhí gearrtha sa charraig aige; agus tar éis dó cloch mhór a iompú le béal an tuama d'imigh sé leis.

Ansin thóg sé anuas den chros é, d'fhill i línéadach é agus chuir i dtuama é a bhí gearrtha sa charraig, nár cuireadh aon duine ann roimhe riamh.

Is ansiúd a chuir siad Íosa, de bhrí gurbh é lá ullmhaithe na nGiúdach é, agus ó bhí an tuama in aice láimhe.

Dúirt Íosa léi: “A bhean, cén fáth a bhfuil tú ag gol? Cé atá uait?” Mheas sí gurbh é an garraíodóir é agus dúirt leis: “A dhuine uasail, más tusa a thóg é, inis dom cár chuir tú é agus tabharfaidh mé liom é.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí