Ansin faigheadh duine íonghlan craobh íosóipe agus tumadh san uisce agus croitheadh ar an mboth é, agus ar na soithí agus ar na daoine go léir atá istigh ann, agus ar an té a bhain leis an gcnámharlach, nó le corp an mhairbh - is cuma an bás de ghoin nó bás uaidh féin a fuair sé - nó leis an uaigh.
Rith duine agus thum sé spúinse i bhfínéagar, chuir ar bharr giolcaí é agus thug deoch dó ag rá: “Fanaigí go bhfeicfimid an dtiocfaidh Éilias chun é thógáil anuas.”
Gabhaigí craobh hiosóipe in bhur láimh, tumaigí í san fhuil atá san umar agus buailigí an fhuil ón umar ar an bhfardoras agus ar an dá ursain, ná téadh duine agaibh thar dhoras a thí amach go maidin.