Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eoin 19:27

An Bíobla Naofa 1981

Ansin dúirt sé leis an deisceabal: “Sin í do mháthair.” Agus ón uair sin amach ghlac an deisceabal isteach ina bhaile féin í.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Féach, tá an uair ag teacht, agus tá sí ann cheana féin, nuair a scaipfear sibh, gach duine chun a bhaile féin, agus fágfaidh sibh mise i m'aonar. Ach nílim i m'aonar, de bhrí go bhfuil an tAthair faram.

Chun a chuid féin a tháinig agus níor ghlac a mhuintir é.

Ní sibhse dá bhrí sin a sheol anseo mé ach Dia, agus chuir sé mé i riocht a bheith i m'athair ag Forann agus i mo thiarna ar a theaghlach go léir agus i m'uachtarán ar chríocha na hÉigipte go léir.

Agus ag dearcadh dó ar a raibh ina suí timpeall air, dúirt: “Seo iad mo mháthair agus mo bhráithre!

Agus déarfaidh an rí á bhfreagairt: ‘Deirim libh go fírinneach, sa mhéid go ndearna sibh é do dhuine den chuid is lú de na bráithre seo agamsa, is domsa a rinne sibh é.’

Agus chuir Iósaef cóir chothaithe ar a athair, ar a dheartháireacha, agus ar theaghlach uile a athar de réir líon a muirir.

Ansin dúirt Peadar: “Is é atá déanta againne: ár maoin shaolta a thréigean agus tusa a leanúint!”

agus d'fhágamar slán ag a chéile; chuamarna ar bord na loinge agus chas siadsan ar ais abhaile.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí