Tar éis aiséirí dó maidin an chéad lae den tseachtain, thaispeáin sé é féin ar dtús do Mháire Mhaigdiléana, an bhean as ar chaith sé seacht ndeamhain amach.
Dúirt duine acu leis á fhreagairt - Cleopas ab ainm dó: “An tusa an t‑aon duine amháin atá ag cur fút in Iarúsailéim atá in ainbhios ar na nithe a tharla ann sna laethanta seo?”
chomh maith le mná áirithe a bhí leigheasta ó dhrochspioraid agus ó éagruais: Máire ar a nglaotar an Mhaigdiléanach - a raibh seacht ndeamhain imithe aisti -
Agus an chéad lá den tseachtain tháinig Máire Mhaigdiléana go moch, agus an dorchadas fós ann, chun an tuama agus chonaic sí an líog aistrithe ón tuama.