Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eoin 19:23

An Bíobla Naofa 1981

Nuair a bhí na saighdiúirí tar éis Íosa a chéasadh, thóg siad a chuid éadaigh agus rinne siad ceithre sciar díobh - sciar don saighdiúir acu - agus an t‑ionar. Ní raibh uaim ar bith san ionar, ach é fite slan ó bharr anuas.

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Beidh oscailt intí don cheann agus fáithim fite timpeall na hoscailte, dála na hoscailte i gcathéide, d'fhonn nach sracfaí í.

Tar éis dóibh é a chéasadh, roinn siad a chuid éadaigh eatarthu, á gcur ar chrainn,

Chéas siad é agus roinn siad a chuid éadaigh eatarthu, á gcur ar chrainn féachaint cén balla bhéarfadh gach duine.

Dúirt Íosa: “A Athair, maith dóibh óir níl a fhios acu cad tá siad a dhéanamh.” Ansin, ag roinnt a chuid éadaigh eatarthu, chuir siad ar chrainn iad.

agus tar éis dó é a ghabháil, chuir sé i bpríosún é agus d'fhág ceithre scuaid saighdiúirí á choimeád agus é de rún aige é a thabhairt os comhair an phobail tar éis na Cásca.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí