Léigh mórán de na Giúdaigh an fógra sin, mar ba ghearr ón gcathair an áit inar céasadh Íosa agus bhí an scríbhinn in Eabhrais, i nGréigis agus i Laidin.
Nuair a chuala Pioláit na focail sin, sheol sé Íosa amach agus chuaigh féin ina shuí breithimh, san áit ar a dtugtar an Chúirt Phábháilte - Gabata atá san Eabhrais air.
Agus Pól ar tí a thabhairt isteach sa dúnfort, dúirt sé leis an gceannasaí: “An bhfuil cead agam labhairt leat?” D'fhreagair seisean: “An bhfuil Gréigis agat?
Thug sé an cead dó agus sheas Pól ar na céimeanna agus d'fhógair ciúnas ar an slua le comhartha láimhe. Tháinig ciúnas domhain orthu agus labhair sé leo sa teanga Eabhra mar a leanas.
Thiteamar go léir chun talaimh agus chuala mé an guth á rá liom sa teanga Eabhra: ‘A Shóil, a Shóil, cad uime a bhfuil tú do mo ghéarleanúint? Goilleann sé ort a bheith ag speachaíl in aghaidh na mbrod.’