Nuair a dúirt Íosa leo: “Is mise é,” tharraing siad siar agus thit siad ar an talamh.
An dream ar fuath leo Síón, go gcuirtear ar gcúl iad faoi náire.
Nuair a thugann lucht mallaithe fogha fúm d'fhonn mo chlú a mhilleadh, is iad m'eascairde a thiteann ar lár; baintear tuisle as mo naimhde.
Go mba toil leat, a Thiarna, mé a fhuascailt; brostaigh, a Thiarna, agus cabhraigh liom.
D'fhreagair siad é: “Íosa ó Nazarat.” Dúirt Íosa leo: “Is mise é.” Bhí Iúdás, fear a bhraite, ansiúd in éineacht leo.
D'fhiafraigh sé díobh arís: “Cé tá uaibh?” “Íosa ó Nazarat,” ar siad.