An dream a bhí tar éis Íosa a ghabháil, sheol siad leo é go teach Cháiafas, an t‑ardsagart, agus is ann a bhí na scríobhaithe agus na seanóirí cruinnithe le chéile.
Ansin, ag faire na faille dóibh, chuir siad brathadóirí chuige a ligfeadh orthu bheith ina bhfíréin, chun go mbéarfaidís air ina chaint, ionas go dtabharfaí suas é do smacht agus d'údarás an ghobharnóra.