Ar mhaithe le Síón ní fhanfaidh mé i mo thost, agus mar gheall ar Iarúsailéim ní mian liom bheith socair, nó go dté a fíréantacht amach mar an maidneachan agus a slánú mar bheadh lóchrann ag lonrú.
chuig eaglais Dé i gCorant, chucu sin atá coisricthe in Íosa Críost agus a bhfuil glaoite ina naoimh orthu mar aon leis an uile dhuine a ghlaonn i ngach áit ar ainm ár dTiarna Íosa Críost, an té is Tiarna orainne agus orthusan:
Cibé mórtas a rinne mé asaibhse leis, níorbh aon chúis náire dom é, ach faoi mar nár labhair mé riamh libhse ach an fhírinne ghlan, an maíomh a rinne mé asaibh le Títeas tháinig sé isteach fíor chomh maith céanna.
Tá a fhios agaibh go maith an chomaoin a chuir ár dTiarna Íosa Críost oraibh: siúd is go raibh sé saibhir rinne sé bochtán de féin ar mhaithe libhse, d'fhonn is go ndéanfaí daoine saibhre díbh trína bhochtaineachtsan.
a tháinig chugaibh agus atá ag fás agus ag tabhairt toradh uaidh ar fud an domhain mhóir, go díreach mar atá aige á dhéanamh in bhur measc féin freisin ón gcéad lá a chuala sibh iomrá ar ghrásta Dé agus a chuir sibh eolas air dáiríre.
Dá chionn sin cuirimse suas le gach sórt ar mhaithe leis an muintir thofa le hionchas go mbainfidís sin amach chomh maith an slánú agus an ghlóir shíoraí i gCríost Íosa.
Thug seisean é féin suas ar ár son chun sinn a fhuascailt ó gach urchóid agus chun pobal ar leith a íonghlanadh dó féin, pobal a bheadh cíocrach chun dea-oibreacha.
Más ea, nach dóigh libh gur measa go mór ná sin an pionós a chuirfear ar an duine a shatail ar Mhac Dé agus a chaith drochmheas ar fhuil an conartha ar naomhaíodh é léi agus a thug masla do Spiorad an ghrásta?
Nuair a chroitear fuil ghabhar agus tharbh agus luaithreach bodóige dóite ar dhaoine atá neamhghlan mar gheall ar dheasghnátha an liotúirge, baintear an neamhghlaine dheasghnáthach seo díobh agus naomhaítear iad.
Óir dá mb'amhlaidh a bhí an scéal, bheadh air páis a fhulaingt arís agus arís eile ó chruthú na cruinne amach. Ina ionad sin, is amhlaidh atá sé tar éis teacht ar an saol sa ré dheiridh seo an t‑aon uair amháin ar fad chun na peacaí a chur ar ceal trína íobairt féin.