Agus nuair a thiocfaidh sé, áiteoidh sé ar an saol go bhfuil an éagóir aige i dtaobh an pheaca, agus i dtaobh an chirt, agus i dtaobh an bhreithiúnais.
“Agus doirtfidh mé spiorad an ghrásta agus na hachainí ar theaghlach Dháiví agus ar áitritheoirí Iarúsailéim i dtreo go mbreathnóidh siad ormsa, ar an té a tholl siad. Caoinfidh siad é mar a chaoinfeá aonmhac; goilfidh siad go géar goirt ina dhiaidh faoi mar a dhéanfaí gol i ndiaidh na céadghine.
Insím an fhírinne daoibh, áfach: is é bhur leas mise a imeacht, mar mura n‑imeoidh mé, ní thiocfaidh an tAbhcóide chugaibh; ach má imím, cuirfidh mé chugaibh é.
Arna chlos sin dóibh d'imigh siad leo ina nduine is ina nduine ag tosú leis na seanóirí, agus ag dul síos go dtí deireadh; agus fágadh Íosa ina aonar agus an bhean ina seasamh i lár baill.
Más ag tabhairt tairngreachta a bhíonn siad go léir, áfach, agus díchreidmheach nó tuata a theacht isteach, is amhlaidh a bheidh sé á chiontú ag gach duine agus á mheas ag gach duine.
le breith a thabhairt ar chách agus na héagráifigh go léir a dhaoradh sna hoibreacha éagráifeacha go léir a rinne siad le barr éagráifeachta, agus sna nithe borba go léir a dúirt na peacaigh choirpeacha ina aghaidh.