Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eoin 16:3

An Bíobla Naofa 1981

Agus déanfaidh siad an méid sin [oraibh] de bhrí nach bhfuil aithne acu ar an Athair ná ormsa.

Féach an chaibidil Cóip

17 Tagairtí Cros  

Tá gach aon ní tugtha domsa ag m'Athair. Agus ní eol d'aon neach cé hé an Mac ach amháin don Athair, ná cé hé an tAthair ach amháin don Mhac agus don té ar toil leis an Mac a fhoilsiú dó.”

Ach déanfaidh siad na nithe seo go léir libh, ar son m'ainmse, mar nach raibh aithne acu ar an té a chuir uaidh mé.

An té ar fuath leis mise, is fuath leis m'Athair chomh maith.

A Athair na córa, ní raibh aithne ag an saol ort; ach bhí aithne agamsa ort, agus bhí a fhios acu seo gur chuir tú uait mé.

Is í seo an bheatha shíoraí: iad a chur aithne ortsa, an t‑aon Dia fírinneach amháin, agus ar Íosa Críost, a chuir tú uait.

Dúirt siad leis ansin: “Cá bhfuil d'Athair?” D'fhreagair Íosa: “Níl aithne agaibh ormsa ná ar m'Athair. Dá mbeadh aithne agaibh ormsa, bheadh aithne agaibh ar m'Athair chomh maith.”

Ach níl aithne agaibh air. Tá aithne agamsa air, áfach. Dá ndéarfainn: ‘Níl aithne agam air,’ bheinn cosúil libhse, bréagach. Ach tá aithne agam air, agus coinním a bhriathar.

“Anois, a bhráithre, tá a fhios agam gur le barr aineolais a rinne sibh na nithe sin agus bhur gcinn urra mar an gcéanna.

Ní raibh fios na heagna seo ag duine ar bith de cheannairí an tsaoil seo mar dá mbeadh a fhios acu í ní chéasfaidís Tiarna na glóire ar an gcrois.

Tiocfaidh sé i gcaoraíl tine ag agairt díoltais orthu siúd nach bhfuil aithne ar Dhia acu agus nach ngéilleann do dhea-scéal ár dTiarna Íosa.

cé go mbínn á mhaslú agus á ghéarleanúint agus ag tabhairt easmailte dó roimhe sin. Ach rinne sé trócaire orm toisc gur le corp aineolais agus díchreidimh a rinne mé amhlaidh.

Gach duine a shéanann an Mac, níl an tAthair aige ach an oiread. An té a admhaíonn an Mac, tá an tAthair freisin aige.

Breathnaígí cad é mar ghrá a thug an tAthair dúinn! go nglaofaí clann Dé orainn, agus is amhlaidh sinn. Sé an fáth nach n‑aithníonn an saol sinne mar nár aithin sé eisean.

An té nach dtugann grá ní aithnid dó Dia, mar is é Dia an Grá.

Ach is feasach dúinn fós gur tháinig Mac Dé agus gur thug éirim dúinne le go n‑aithnímis an té atá fíor. Agus mairimid sa té atá fíor, is é sin ina Mhac Íosa Críost.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí