Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eoin 16:26

An Bíobla Naofa 1981

Iarrfaidh sibh i m'ainm an lá sin, agus nílim á rá libh go ndéanfaidh mé achainí ar an Athair ar bhur son.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Agus iarrfaidh mé ar m'Athair é, agus tabharfaidh sé Abhcóide eile daoibh chun fanacht faraibh go deo -

An lá sin aithneoidh sibh go bhfuilimse i m'Athair, agus go bhfuil sibhse ionamsa, agus mise ionaibh.

Bhí a fhios ag Íosa gur mhian leo é a cheistiú agus dúirt sé leo: “Tá sibh ag fiafraí dá chéile cad is ciall leis an rud a dúirt mé: ‘Tamall beag agus ní fheicfidh sibh mé, agus tamall beag eile agus beidh radharc agaibh orm.’

An lá sin ní bheidh aon cheist le cur agaibh orm. Amen, Amen, a deirim libh, má iarrann sibh ní ar bith ar an Athair tabharfaidh sé daoibh é i m'ainm-sé.

Tá a fhios againn anois go bhfuil fios gach uile ní agat, agus nach gá duit go mbeadh duine ar bith do do cheistiú. As seo a chreidimid gur ó Dhia a ghabh tú amach.”

Naomhaím mé féin ar a son, ionas go mbeidh siadsan, chomh maith, naomhaithe san fhírinne.

A Athair, an mhuintir a thug tú dom, is mian liom, an áit ina bhfuilimse, iadsan a bheith ann mar aon liom, ionas go bhfeicfidh siad mo ghlóir, an ghlóir a thug tú dom; mar gur thug tú grá dom roimh chruthú an domhain.

Ar a son atáim ag guí; ní ar son an tsaoil atáim ag guí ach ar son na muintire a thug tú dom, mar is leatsa iad.

Nuair atá Dia dár saoradh, cé a dhéanfaidh ár ndaoradh? An é Críost a dhéanfaidh é, an té a fuair bás agus a tógadh ó mhairbh, atá fós ar dheis Dé agus atá ag idirghuí ar ár son?




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí