Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eoin 16:22

An Bíobla Naofa 1981

Agus sibhse mar an gcéanna, tá buairt oraibh anois, ach feicfidh mé arís sibh, agus beidh bhur gcroí ag déanamh áthais, agus ní bhainfidh duine ar bith bhur n‑áthas díbh.

Féach an chaibidil Cóip

40 Tagairtí Cros  

D'fhan sé socair gan aon duine a dhaoradh; Nuair a cheileann sé a aghaidh, cé ar féidir dó é a fheiceáil?” Ach bíonn trócaire aige ar náisiún agus ar dhaoine,

Molfaidh mé an Tiarna le mo bheo; molfaidh mé mo Dhia fad a mhairfidh mé.

is ann a ghairdíonn ár gcroí, is iontaoibh linn a ainm naofa.

Déarfar an lá sin: “Breathnaígí, is é ár nDia é, a raibh muid ag dréim le slánú uaidh; is é an Tiarna é, a raibh muid ag dréim leis. Déanaimid gairdeas agus lúcháir mar gur shlánaigh sé sinn”;

Tiocfaidh siad agus canfaidh ar mhullach Shíón; baileoidh siad in éineacht chun maitheasaí an Tiarna: cruithneacht agus ola agus fíon, caoirigh agus eallach; beidh a n‑anamacha mar a bheadh garraí uiscithe; ní dhéanfaidh siad brón níos mó.

D'fhág siad an tuama go tapa, agus uamhan agus ardáthas orthu, agus iad ag rith le fios an scéil chun a dheisceabal.

Ach níl riachtanas ach le haon ní amháin. Óir is í an pháirt is fearr ba rogha le Máire, agus ní bhainfear í sin di.”

Ach dúirt Abrahám: ‘Cuimhnigh, a mhic, go bhfuair tusa do chuid féin de na dea-nithe le linn do bheatha, agus mar an gcéanna go bhfuair Lazaras na drochnithe. Ach anois tá seisean á shólású abhus, agus tusa do do chrá.

‘Deirim libh, gach aon duine a mbíonn aige, tabharfar dó, ach an té nach mbíonn aige, bainfear de fiú amháin a mbíonn aige.

Agus ó bhí siad gan a chreidiúint fós le barr áthais, agus iad ag déanamh ionadh de, dúirt sé leo: “An bhfuil rud ar bith anseo agaibh a d'íosfaí?”

Ná bíodh buaireamh ar bhur gcroí: creideann sibh i nDia; creidigí ionamsa leis.

Tamall beag eile agus siúd é an saol agus gan radharc aige ormsa feasta; ach tá radharc agaibhse orm, óir táimse beo agus beidh sibhse beo chomh maith.

Fágaim síocháin agaibh; tugaim mo shíocháin daoibh. Ní thugaim daoibh í mar a thugann an saol í. Ná bíodh bhur gcroí buartha agus ná bíodh eagla air.

“Tamall beag agus ní fheicfidh sibh mé níos mó, agus tamall beag eile agus beidh radharc agaibh orm, mar táim ag triall ar an Athair.”

Amen, Amen, a deirim libh, beidh sibhse ag gol agus ag caoineadh, ach beidh an saol ag déanamh áthais. Beidh sibhse buartha, ach iompófar bhur mbuairt chun áthais.

Ach de bhrí gur dhúirt mé an méid sin libh, líon bhur gcroí de bhrón.

Ansin an deisceabal ab ionúin le Íosa, dúirt sé le Peadar: “Is é an Tiarna é.” Nuair a chuala Peadar dá bhrí sin gurbh é an Tiarna é, chuir sé a bhrat uime - mar bhí sé gan é - agus chaith sé é féin isteach san fharraige.

Ach má olann aon duine an t‑uisce a thabharfaidh mise dó, ní bheidh tart air go brách na breithe. Ach an t‑uisce a thabharfaidh mise dó, déanfaidh tobar uisce de istigh ann, ag brúchtaíl chun na beathn síoraí.”

Agus bhí na deisceabail lán d'áthas agus den Spiorad Naomh.

Timpeall meán oíche bhí Pól agus Síleas ag guí agus ag canadh iomann do Dhia agus na príosúnaigh eile ag éisteacht leo.

Thagaidís le chéile in aon bhuíon sa Teampall gach lá ach bhrisidís arán i dtithe a chéile agus chaithidís a gcuid le chéile le móráthas agus le sástacht chroí

D'imigh siadsan leo ó láthair na sainidríne agus áthas orthu de chionn go mba fhiú le Dia iad tarcaisne a fhulaingt ar son ainm Íosa.

Tá ainm an bhróin orainn agus sinn i gcónaí lúcháireach; tá ainm an bhochtanais orainn agus sinn ag saibhriú na sluaite; tá ainm an dealúis orainn agus an uile ní inár seilbh againn.

Agus go gcuire Íosa Críost féin ár dTiarna agus Dia ár nAthair, a thug grá dúinn agus a bhronn orainn in aisce sólás síoraí agus dóchas daingean,

Ghlac sibh trua do phríosúnaigh agus nuair a tógadh bhur maoin shaolta uaibh go héagórach chuir sibh suas leis go háthasach mar bhí a fhios agaibh go raibh maoin níos fearr agus níos buaine fós agaibh.

Dá bharr sin tá dhá rud do-athraithe againn anois nach féidir do Dhia bréag a dhéanamh iontu. Tugann siad sólás mór dúinne atá tar éis teitheadh linn chun greim a bhreith ar na nithe a chuirtear mar ábhar dóchais romhainn.

Ní fhaca sibh é, ach tugann sibh grá dó; ní fheiceann sibh anois féin é, ach creideann sibh ann, agus is lúcháireach sibh le háthas glórmhar dolabhartha,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí