Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eoin 15:8

An Bíobla Naofa 1981

Tugadh glóir do m'Athair sa mhéid go dtugann sibhse toradh mór uaibh, agus go mbeidh sibh in bhur ndeisceabail agamsa.

Féach an chaibidil Cóip

19 Tagairtí Cros  

Beidh do mhuintir go léir ina bhfíréin agus seilbh acu ar an tír go deo, ina mbachlóg de chuid plandála an Tiarna, saothar ó mo lámha féin ar mhaithe le mo ghlóir.

agus bláthfhleasc in ionad luaithrigh, ola na lúcháire in ionad éide an bhróin, moladh in ionad éadóchais. Goirfear dóibh Crainn na Córa, a chuir an Tiarna i dtalamh ar mhaithe lena ghlóir.

In airde libh ar na cnoic! Beirigí adhmad libh ar ais! Atógaigí an Teampall! Bainfidh mé taitneamh as ansin agus taispeánfaidh mé mo ghlóir ann, a deir an Tiarna.

Sibhse mar an gcéanna, bíodh bhur solas ag taitneamh os comhair daoine chun go bhfeicfidís bhur ndeaghníomhartha agus go nglóireoidís bhur nAthair atá ar neamh.

Ach is é a deirimse libh, bíodh grá agaibh do bhur naimhde agus guígí ar son bhur ngéarleantóirí;

Nuair a chonaic na sluaite é, tháinig uamhan orthu agus thug siad glóir do Dhia a thug a leithéid sin d'údarás do dhaoine.

Ach bíodh grá agaibh do bhur naimhde, déanaigí an mhaith agus tugaigí iasacht gan súil le cúiteamh ar bith, agus is mór é bhur dtuarastal, agus beidh sibh in bhur gclann don Té is Airde, óir bíonn seisean lách le daoine díomaíocha agus le drochdhaoine.

As sin a bheidh a fhios ag cách gur deisceabail liomsa sibh má bhíonn grá agaibh dá chéile.”

Mise an fhíniúin, sibhse na géaga; an té a fhanann ionamsa, agus mise ann, tugann seisean toradh mór uaidh; óir gan mise, ní féidir daoibh aon ní a dhéanamh.

Ansin dúirt Íosa leis na Giúdaigh a chreid ann: “Má fhanann sibh ar mo bhriathar, beidh sibh in bhur ndeisceabail agam dáiríre,

Ná cuirigí as do Ghiúdaigh ná do Ghréagaigh ná d'eaglais Dé.

mar gur daor a ceannaíodh sibh. Más ea, tugaigí glóir do Dhia le bhur gcorp.

agus go mbeidh sibh lán de thorthaí na fíréantachta sin a thagann trí Íosa Críost, chun moladh agus glóire Dé.

nó ag déanamh mionghadaíochta, cruthaídís go bhfuil siad dílis ar fad, agus sa tslí sin tabhóidh siad clú do theagasc Dé, ár slánaitheoir, i ngach ní.

agus bheith ciallmhar, geanmnaí, tíosach, cineálta agus faoi smacht a bhfear, le heagla go gcaithfí dímheas ar bhriathar Dé.

Bíodh bhur n‑iompar i measc na ngintlithe gan cháim, i dtreo, má cháineann siad anois sibh mar lucht míghníomhartha, go bhfeicfidh siad bhur ndea-oibreacha agus go molfaidh siad Dia dá gcionn ar lá an fhiosraithe.

Má labhraíonn duine, déanadh sé amhlaidh amhail is gur oracail ó Dhia a bhíonn á dtabhairt aige; má dhéanann duine friotháil, déanadh amhail is gur tríd an neart a bhronnann Dia é, ionas go dtabharfaí glóir do Dhia i ngach ní trí Íosa Críost dar dual glóir agus réimeas le saol na saol. Amen.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí