Ansin scallfaidh do sholas amach mar an maidneachan agus is gearr go dtaga cneasú ar do chréachtaí. Rachaidh d'fhíréantacht romhat amach agus glóir an Tiarna i do dhiaidh.
Nuair a tháinig do bhriathra, d'ith mise iad. Bhí do bhriathar ina ghairdeachas agus ina lúcháir do mo chroí; óir gaireadh d'ainmse orm, a Thiarna, Dia na Slua.
Ní sibhse a rinne mise a thoghadh, ach mise a rinne sibhse a thoghadh, agus a cheapadh chun go n‑imeodh sibh agus toradh a thabhairt agus go mairfeadh bhur dtoradh; i dtreo, cibé ní a d'iarrfadh sibh ar an Athair i m'ainm, go dtabharfadh sé daoibh é.
An lá sin ní bheidh aon cheist le cur agaibh orm. Amen, Amen, a deirim libh, má iarrann sibh ní ar bith ar an Athair tabharfaidh sé daoibh é i m'ainm-sé.
Bíodh briathar Chríost ina chónaí faoi rath in bhur measc. Déanaigí a chéile a chomhairliú agus a theagasc le barr eagna. Canaigí sailm agus iomainn agus laoithe spioradálta in ómós do Dhia agus buíochas in bhur gcroí.
Scríobh mé chugaibhse, a leanaí, mar gur aithnid daoibh an tAthair. Scríobh mé chugaibh, a aithreacha, mar gur aithnid daoibh an té atá ann ó thús. Scríobh mé chugaibhse, a dhaoine óga, mar gur tréan sibh, agus go maireann focal Dé ionaibh, agus gur threascair sibh an mac mallachta.
Ach maidir libhse, maireann fós ionaibh an t‑ungadh a fuair sibh uaidh, agus ní call daoibh go múinfeadh aon duine sibh mar gur mhúin a ungadhsan gach ní daoibh. Agus is fíortheagasc é, agus ní aon bhréag - mar sin, faoi mar a mhúin sé daoibh, cloígí leis.