Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eoin 15:21

An Bíobla Naofa 1981

Ach déanfaidh siad na nithe seo go léir libh, ar son m'ainmse, mar nach raibh aithne acu ar an té a chuir uaidh mé.

Féach an chaibidil Cóip

35 Tagairtí Cros  

Nára cúis náire mé do d'aos muiníne, a Thiarna Dia na slua. Nára cúis anbhá mé dá mbíonn ag feitheamh leat, a Dhia Iosrael.

Éistigí le briathar an Tiarna, sibhse a bhfuil urraim agaibh dá bhriathar Bhur muintir féin gur fuath leo sibh, agus a thugann droim láimhe libh de dheasca m'ainm, deir siad: “Taispeánadh an Tiarna a ghlóir, go bhfeicimid sibh ag déanamh gairdis.” Ach is orthu féin a bheidh an náire.

agus seolfar i láthair gobharnóirí agus ríthe sibh mar gheall ormsa chun fianaise a thabhairt os a gcomhair agus os comhair na ngintlithe.

Agus beidh fuath ag cách daoibh mar gheall ar m'ainmse. Ach an té a sheasfaidh amach go deireadh, sábhálfar é.

An té a fhaigheann a anam, caillfidh sé é; ach an té a chaillfidh a anam mar gheall ormsa, gheobhaidh sé é.

Tabharfar suas chun trioblóide ansin sibh, agus chun báis, agus beidh fuath ag na náisiúin uile daoibh mar gheall ar m'ainmse.

“Is méanar daoibh féin nuair a thabharfar aithis daoibh agus a ghéarleanfar sibh, agus nuair a chuirfear gach sórt drochrud in bhur leith go bréagach mar gheall ormsa.

Beidh fuath ag cách daoibh mar gheall ar m'ainmse; ach an té a bheidh seasmhach go deireadh, slánófar eisean.

Ach roimh an méid sin uile, leagfar lámh oraibh agus géarleanfar sibh, tabharfar ar láimh sibh do na sionagóga agus do na príosúin, seolfar i láthair ríthe agus gobharnóirí sibh mar gheall ar m'ainmse.

agus beidh fuath ag cách daoibh mar gheall ar m'ainmse;

“Is méanar daoibh nuair is fuath le daoine sibh agus nuair a scarfaidh siad amach sibh agus bhur n‑ainm a aithisiú agus a fhógairt mar dhrochainm, mar gheall ar Mhac an Duine.

Mura ndéanfainn na hoibreacha ina measc, nach ndearna aon duine eile, ní bheadh peaca orthu. Ach anois chonaic siad, agus is fuath leo, mise agus m'Athair, in éineacht.

Agus déanfaidh siad an méid sin [oraibh] de bhrí nach bhfuil aithne acu ar an Athair ná ormsa.

A Athair na córa, ní raibh aithne ag an saol ort; ach bhí aithne agamsa ort, agus bhí a fhios acu seo gur chuir tú uait mé.

Dúirt siad leis ansin: “Cá bhfuil d'Athair?” D'fhreagair Íosa: “Níl aithne agaibh ormsa ná ar m'Athair. Dá mbeadh aithne agaibh ormsa, bheadh aithne agaibh ar m'Athair chomh maith.”

D'fhreagair Íosa: “Dá mbeinn féin do mo ghlóiriú féin, ba neamhní mo ghlóir. Is é m'Athair a dhéanann mé a ghloiriú, an té a ndeir sibhse mar gheall air: ‘Is é ár nDia é.’

Ach níl aithne agaibh air. Tá aithne agamsa air, áfach. Dá ndéarfainn: ‘Níl aithne agam air,’ bheinn cosúil libhse, bréagach. Ach tá aithne agam air, agus coinním a bhriathar.

Mar ag gabháil dom tríd an gcathair agus mé ag breathnú ar bhur n‑íomhánna, tháinig mé ar altóir a raibh an scríbhinn seo greanta uirthi: ‘In onóir do dhia anaithnid.’ An neach seo a bhfuil urraim agaibh dó agus gan aon aithne agaibh air, sin é atá le fógairt agamsa daoibh.

“Bhí mé féin deimhin de tráth gurbh é mo dhualgas é gach dícheall a dhéanamh in aghaidh ainm Íosa Nazóraigh.

“Anois, a bhráithre, tá a fhios agam gur le barr aineolais a rinne sibh na nithe sin agus bhur gcinn urra mar an gcéanna.

Ach i dtreo nach leathfadh an scéal seo níos mó i measc an phobail, déanaimis bagairt orthu gan labhairt go deo arís faoin duine seo le neach ar bith.”

D'imigh siadsan leo ó láthair na sainidríne agus áthas orthu de chionn go mba fhiú le Dia iad tarcaisne a fhulaingt ar son ainm Íosa.

agus anseo féin tá údarás aige ó na hardsagairt gach duine dá nglaonn ar d'ainmse a ghabháil.”

Taispeánfaidh mise dó a bhfuil le fulaingt aige ar son m'ainmse.”

Toisc nárbh fhiú leo Dia a choinneáil ar a n‑aithne, d'fhág Dia iad gan stuaim, sa tslí go ndéanfaidís nithe nach cuí;

Craithigí suas i gceart anois sibh féin agus éirígí as an bpeaca, mar tá cuid agaibh gan aithne ar Dhia. Is chun náire a chur oraibh atáim á rá.

Ní raibh fios na heagna seo ag duine ar bith de cheannairí an tsaoil seo mar dá mbeadh a fhios acu í ní chéasfaidís Tiarna na glóire ar an gcrois.

Tiocfaidh sé i gcaoraíl tine ag agairt díoltais orthu siúd nach bhfuil aithne ar Dhia acu agus nach ngéilleann do dhea-scéal ár dTiarna Íosa.

Breathnaígí cad é mar ghrá a thug an tAthair dúinn! go nglaofaí clann Dé orainn, agus is amhlaidh sinn. Sé an fáth nach n‑aithníonn an saol sinne mar nár aithin sé eisean.

Mar gur ar son a ainmsean a ghabh siad bóthar agus gan tada á ghlacadh acu ó na págánaigh.

Is eol dom go bhfuil foighne agat, gur fhulaing tú ar son m'ainm gan traochadh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí