Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eoin 15:18

An Bíobla Naofa 1981

“Má thugann an saol fuath daoibh, bíodh a fhios agaibh gur thug sé fuath domsa romhaibh.

Féach an chaibidil Cóip

22 Tagairtí Cros  

D'fhreagair rí Iosrael Iahóiseáfát: “Tá aon duine amháin eile ónar féidir linn comhairle an Tiarna a fháil, ach is gráin liom é mar nach mbíonn riamh aon tairngreacht fhónta aige domsa, ach droch-chinn; Míocáia mac Imleá an duine sin.” “Níor chóir don rí a leithéid sin a rá,” arsa Iahóiseáfát.

Is fuath leis an bhfíréan an coirpeach; agus is fuath leis an urchóideach an té is díreach slí.

Is amhlaidh seo a deir an Tiarna, fuascailteoir agus Neach Naofa Iosrael, leis an té atá ina ábhar tarcaisne agus gráin ag na ciníocha air, le sclábh na dtíoránach: Éireoidh ríthe ina seasamh ach súil a leagan ort, rachaidh prionsaí ar a mbéal fúthu, de dheasca an Tiarna agus a dhílseachta, Neach Naofa Iosrael a thogh thú.

ach é ina dhíol tarcaisne agus tréigthe ag daoine, fear pianta agus seanaithne ag an mbreoiteacht air; a ndála siúd a gclúdaímid ar n‑aighthe ina bhfianaise, ba tháir agus ba tharcaisne linn é.

Éistigí le briathar an Tiarna, sibhse a bhfuil urraim agaibh dá bhriathar Bhur muintir féin gur fuath leo sibh, agus a thugann droim láimhe libh de dheasca m'ainm, deir siad: “Taispeánadh an Tiarna a ghlóir, go bhfeicimid sibh ag déanamh gairdis.” Ach is orthu féin a bheidh an náire.

In aon mhí amháin chuir mé an triúr aoire dá gcois. Ach bhí briste ar an bhfoighne agam leis an tréad agus ba ghráin leosan mise chomh maith.

Agus beidh fuath ag cách daoibh mar gheall ar m'ainmse. Ach an té a sheasfaidh amach go deireadh, sábhálfar é.

Tabharfar suas chun trioblóide ansin sibh, agus chun báis, agus beidh fuath ag na náisiúin uile daoibh mar gheall ar m'ainmse.

“Is méanar daoibh féin nuair a thabharfar aithis daoibh agus a ghéarleanfar sibh, agus nuair a chuirfear gach sórt drochrud in bhur leith go bréagach mar gheall ormsa.

Beidh fuath ag cách daoibh mar gheall ar m'ainmse; ach an té a bheidh seasmhach go deireadh, slánófar eisean.

“Is méanar daoibh nuair is fuath le daoine sibh agus nuair a scarfaidh siad amach sibh agus bhur n‑ainm a aithisiú agus a fhógairt mar dhrochainm, mar gheall ar Mhac an Duine.

D'inis mé an méid sin daoibh, ionas nach nglacfaidh sibh scannal.

Labhair mé na nithe sin libh, chun go mbeadh síocháin agaibh ionamsa. Tá buairt agaibh sa saol, ach bíodh misneach agaibh. Tá buaite agamsa ar an saol.”

Óir gach duine a bhíonn ag déanamh an oilc, bíonn fuath aige don solas agus seachnaíonn sé an solas, le heagla go gcáinfí a ghníomhartha.

Ní féidír don saol fuath a thabhairt daoibhse, ach tá fuath aige domsa mar go dtugaim fianaise ina thaobh go bhfuil a oibreacha go holc.

ag cur misnigh ar na deisceabail agus á spreagadh chun bheith dílis don chreideamh, “mar,” ar siad, “ní foláir dúinn mórán a fhulaingt chun dul isteach i ríocht Dé.”

Bímis ag féachaint romhainn amach ar Íosa, ar cheannródaí ár gcreidimh, a thabharfaidh chun foirfeachta é. Ar son an aoibhnis a bhí leagtha amach dó d'fhulaing sé céasadh na croise mar rinne sé neamhní den mhasla sin, agus tá sé ina shuí anois ar an taobh deas de ríchathaoir Dé.

A striapacha, nach bhfuil a fhios agaibh gur cuma cairdeas an tsaoil seo nó eascairdeas Dé? Dá bhrí sin an té ar mian leis a bheith ina chara ag an saol seo, déanann sé namhaid Dé de féin.

Breathnaígí cad é mar ghrá a thug an tAthair dúinn! go nglaofaí clann Dé orainn, agus is amhlaidh sinn. Sé an fáth nach n‑aithníonn an saol sinne mar nár aithin sé eisean.

Ná bíodh aon ionadh oraibh, a bhráithre, más fuath leis an saol sibh.

Agus gach duine a chothaíonn an dóchas diaga seo ann féin naomhaíonn é féin faoi mar atá seisean naofa.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí