“Tar éis saothar a anama, feicfidh sé an solas agus beidh sásamh air. Lena phianta déanfaidh mo ghiolla fíréin de na sluaite, á luchtú féin le hualach a gcionta.
Ní déarfaidh siad Uaigneach leat feasta, ná ní ghairfear Fásach do do dhúiche. Ach is é ainm a bheidh ort féin “Bean mo rúin” agus “an Céile” a bheidh ar do dhúiche. Óir lig an Tiarna a rún leat agus gheobhaidh do dhúiche é mar chéile.
Agus beidh Iarúsailéim ina cúis athais domsa, ina cúis maíte agus onóra i láthair a bhfuil de chiníocha ar talamh; nuair a chluinfidh siadsan an uile mhaith atá á dhéanamh agam tiocfaidh eagla agus uamhan orthu mar gheall ar an uile shéan agus síocháin a sholáthraím di.’
Tá an Tiarna, do Dhia, i do lár mar laoch caithréimeach; déanfaidh sé gairdeas go spleodrach mar gheall ort. Athnuafaidh sé thú le neart a ghrá; tógfaidh sé gártha áthais ar do shon faoi mar a dhéantar ar lá an tsollúntais.’
Agus nuair a fhaigheann, glaonn sí a cairde agus mná a comharsan le chéile, ag rá: ‘Déanaigí comhghairdeas liom, óir, an drachma a bhí caillte agam, fuair mé é.’
Labhair mé na nithe sin libh, chun go mbeadh síocháin agaibh ionamsa. Tá buairt agaibh sa saol, ach bíodh misneach agaibh. Tá buaite agamsa ar an saol.”
An té a bhfuil an nuachair aige, sin é an céile; ach cara an chéile, atá ina sheasamh ag éisteacht leis, tagann racht áthais air de bharr guth an chéile. An t‑áthas mar sin atá ormsa, tá sé iomlán.
Go ndéana Dia an dóchais sibh a líonadh den áthas agus den tsíocháin uile sa chreideamh ar shlí go mbeidh raidhse den dóchas agaibh trí chumhacht an Spioraid Naoimh.
Ós deimhin liom sin, tá a fhios agam go bhfanfaidh mé ann go fóill chun cuidiú libhse uile d'fhonn bhur gcreideamh a chur chun cinn agus bhur lúcháir ann a mhéadú,
Ní fhaca sibh é, ach tugann sibh grá dó; ní fheiceann sibh anois féin é, ach creideann sibh ann, agus is lúcháireach sibh le háthas glórmhar dolabhartha,
Cé go bhfuil mórán agam le scríobh chugaibh, b'fhearr liom gan a chur ar phár le dúch, ach tá súil agam a theacht in bhur measc agus labhairt go díreach libh le go mba lán ár lúcháir.