Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eoin 14:9

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt Íosa leis: “An bhfuilim an fad sin aimsire, a Philib, in bhur measc agus gan aithne agat orm? An té a chonaic mise, chonaic sé an tAthair. Conas, mar sin, a deir tú: ‘Taispeáin dúinn an tAthair’?

Féach an chaibidil Cóip

16 Tagairtí Cros  

Chuir Aibímeilic fios ar Íosác: “Ní foláir nó gurb í do bhean í! Conas mar sin a d'fhéad tú a rá: ‘Is í mo dheirfiúr í’?” “Mar go raibh eagla orm,” arsa Íosác leis, “go marófaí mé ar a son.”

Do stiúrthóir an chóir. [Salm] Dháiví. Leis an Tiarna a fuair mé dídean; cén chaoi a déarfaidh sibh le m'anam: “Eitil, amhail éan, chun an tsléibhe.”

Conas a fhéadann tú a rá: ‘Níl mise truaillithe, ní dheachaigh mise i ndiaidh na mBálaím’? Féach, lorg do chos sa ghleann, agus admhaigh céard tá déanta agat. Camall baineann anonn agus anall,

Dúirt sé leo á bhfreagairt: “Ó a ghlúin dhíchreidmheach, cá fhad a bheidh mé faraibh? Cá fhad a bheidh mé ag cur suas libh? Tugaigí chugam é.”

A bhréagchráifeacha, tá a fhios agaibh conas dreach na talún agus na spéire a léamh, ach cad a bheir daoibh gan an t‑am seo i láthair a léamh?

Agus rinneadh feoil den Bhriathar agus chónaigh sé inár measc, agus chonacamar-na a ghlóir, a ghlóir mar Aonghin ón Athair, lán de ghrásta agus d'fhírinne.

Is aon mise agus an tAthair.”

Agus an té a fheiceann mise, feiceann sé an té a chuir uaidh mé.

An lá sin aithneoidh sibh go bhfuilimse i m'Athair, agus go bhfuil sibhse ionamsa, agus mise ionaibh.

Dá mbeadh aithne agaibh ormsa, d'aithneodh sibh m'Athair chomh maith. Tá aithne agaibh air feasta, agus tá radharc faighte agaibh air.”

Dúirt siad leis ansin: “Cá bhfuil d'Athair?” D'fhreagair Íosa: “Níl aithne agaibh ormsa ná ar m'Athair. Dá mbeadh aithne agaibh ormsa, bheadh aithne agaibh ar m'Athair chomh maith.”

Ós é atá á fhógairt go bhfuil Críost éirithe ó mhairbh, cad a bheir do chuid agaibhse a rá nach bhfuil aiséirí na marbh ann ar chor ar bith?

An té úd a bhí i riocht Dé ó dhúchas, níorbh éadáil leis bheith ar chomhchéim le Dia,

Is íomhá den Dia dofheicthe é agus céadghin gach dúile cruthaithe

Is é scáil a ghlóire agus cló a shubstainte é. Is é a choinníonn an chruinne ar bun lena bhriathar bríomhar. Tar éis dó ár bpeacaí a ghlanadh chuaigh sé ina shuí ar dheis Dé sna harda

Ach is feasach dúinn fós gur tháinig Mac Dé agus gur thug éirim dúinne le go n‑aithnímis an té atá fíor. Agus mairimid sa té atá fíor, is é sin ina Mhac Íosa Críost.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí