A Dhia, mo Dhia thú, is tú a iarraim, tá íota tharta ar m'anam chugat. Ní théann lagadh ar mo cholainn ach ag tnúth leat amhail talamh túr tirim gan uisce.
“Cén chaoi a n‑aithníonn tú mé?” arsa Natanael leis. D'fhreagair Íosa: “Sular ghlaoigh Pilib ort,” ar sé leis, “agus tú faoin gcrann fígí, chonaic mé thú.”
Labhair mé an méid sin libh i solaoidí. Tá an t‑am ag teacht, nuair nach labhróidh mé libh a thuilleadh i solaoidí, ach inseoidh mé daoibh go soiléir mar gheall ar an Athair.