Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eoin 14:21

An Bíobla Naofa 1981

An té a bhfuil m'aitheantasa aige agus a choinníonn iad, sin é an té a bhfuil grá aige dom. An té a bhfuil grá aige dom, beidh grá ag m'Athair dó, agus beidh grá agam dó, agus taispeánfaidh mé mé féin dó.”

Féach an chaibidil Cóip

43 Tagairtí Cros  

Chloígh sé go dílis leis an Tiarna, gan casadh uaidh choíche, ach ag coimeád na n‑aitheanta a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

Bíodh gliondar agus gairdeas ar lucht mo pháirte, agus abraidís gan sos: “Moladh leis an Tiarna lenarb áil sonas a sheirbhísigh!”

Dúirt Maois: “Taispeáin dom do ghlóir, achainím ort.”

Tugaim grá don mhuintir a thugann grá dom, agus an mhuintir a lorgaíonn mé, faigheann siad mé.

“Féach, tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - a ndéanfaidh mé conradh nua le teach Iosrael (agus le teach Iúdá),

Tá an Tiarna, do Dhia, i do lár mar laoch caithréimeach; déanfaidh sé gairdeas go spleodrach mar gheall ort. Athnuafaidh sé thú le neart a ghrá; tógfaidh sé gártha áthais ar do shon faoi mar a dhéantar ar lá an tsollúntais.’

Ach dúirt sé: “Is mó is méanar dóibh seo a chluineann briathar Dé agus a choimeádann é.”

Má tá grá agaibh dom, coinneoidh sibh m'aitheanta.

Ní fhágfaidh mé in bhur ndílleachtaí sibh; tiocfaidh mé ar ais chugaibh.

Sibhse mo chairde má dhéanann sibh na nithe a ordaím daoibh.

Tabharfaidh sé glóir domsa, óir is de mo chuidse a ghlacfaidh agus a inseoidh sé daoibh.

Óir tá cion ag an Athair féin oraibh, de bhrí go raibh cion agaibh orm, agus gur chreid sibh gur ó Dhia a ghabh mé amach.

mise iontu-san, agus tusa ionam-sa, ionas go mba aon iad go foirfe, agus go mbeadh a fhios ag an saol gur chuir tú uait mé, agus gur thug tú grá dóibh seo faoi mar a thug tú grá domsa.

chonaic mé é agus é á rá liom: ‘Brostaigh, agus imigh leat go tapa as Iarúsailéim mar ní ghlacfaidh siad le do chuid fianaise ormsa.’

D'agair mé an Tiarna faoi thrí é a chur díom,

Níl aon phúicín orainne, áfach; tá scáil de ghlóir an Tiarna le feiceáil inár ngnúis mar a bheadh i scáthán agus sinn ag dul i gcosúlacht leis-sean ó niamhracht go niamhracht faoi luí Spiorad an Tiarna.

An Dia a dúirt: “Bíodh solas ag lonradh as an dorchadas,” is é an Dia céanna é a chuir solas ag lonradh inár gcroí-ne d'fhonn eolas na glóire diaga ar chuntanós Chríost a chur ar ár súile dúinn.

Bígí cinnte de, má ghéilleann sibh go dílis do na haitheanta a ordaímse daoibh inniu agus go ngránn sibh an Tiarna, agus a sheirbhís a dhéanamh ó chroí go hiomlán, ó anam go hiomlán:

Tabharfaidh sé grá duit, beannacht duit agus méadóidh sé do líon. Cuirfidh sé a bheannacht ar thoradh do bhroinne agus ar thoradh do thalún - d'arbhar, do fhíon, agus d'ola, an bhreis ar do tháin bó agus ar do thréad caorach, sa tír a mhionnaigh sé do do shinsir a thabharfadh sé duit.

Agus go gcuire Íosa Críost féin ár dTiarna agus Dia ár nAthair, a thug grá dúinn agus a bhronn orainn in aisce sólás síoraí agus dóchas daingean,

Go raibh an Tiarna Íosa leat. Grásta go raibh agaibh.

Ach an té a choinníonn a fhocalsan go deimhin tá grá Dé lánfhoirfe ann; agus is mar sin a thuigimid go mairimid ann.

Breathnaígí cad é mar ghrá a thug an tAthair dúinn! go nglaofaí clann Dé orainn, agus is amhlaidh sinn. Sé an fáth nach n‑aithníonn an saol sinne mar nár aithin sé eisean.

Mar gurb é seo grá Dé, comhlíonadh a aitheanta; agus ní tromualach a aitheanta.

Agus is é seo an grá - go siúlaimis de réir a aitheanta: Seo í an aithne, mar a chuala sibh ó thús í, go siúlaimis sa ghrá.

An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena bhfuil á rá ag an Spiorad leis na heaglaisí: An té a bheireann bua tabharfaidh mé dó cuid den mhana folaigh; agus tabharfaidh mé dó cloch gheal agus ainm nua scríofa ar an gcloch, ainm nach fios d'aon duine ach don té a ghlacann é.”

Is méanar dóibh siúd a níonn a n‑éidí, chun go mbeadh ceart acu chun crann na beatha, agus dul na geataí isteach don chathair.

Seo mé i mo sheasamh ag an doras, agus ag bualadh air; má chloiseann aon duine mo ghuth agus an doras a oscailt dom, tiocfaidh mé isteach chuige agus beidh bia agam fairis agus aigesean faramsa.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí