Anois, seo mar a deir an Tiarna, do Chruthaitheoirse, a Iacóib, agus fear do dhealfa, a Iosrael: “Ná bíodh eagla ort, óir tá tú fuascailte agam; ghlaoigh mé ort i d'ainm, agus is liomsa thú.
Mise mé féin, is mé a thugann sólás duit. Cé hé tusa go bhfuil eagla ort roimh an duine, an duine ar dual dó an bás, an duine seo nach buaine é ná an féar?
Bíodh riar bhur gcáis de bhriathra agaibh, agus filligí ar an Tiarna agus abraigí leis: Maith dúinn ár gcionta uile, le go bhfaighimid uait rud is fónta, i ndíol ar na briathra a chanaimid duit.
Bíodh aithne againn ar an Tiarna; déanaimis ár ndícheall le haithne a chur air! Beidh a thaibhsiú chomh cinnte le breacadh an lae; tiocfaidh sé chugainn mar an bháisteach, amhail fearthainn an earraigh a uiscíonn an tír.”
agus má théim agus áit a chur i gcóir daoibh, tiocfaidh mé arís agus tógfaidh mé sibh chugam féin; i dtreo, an áit ina mbeidh mise, go mbeidh sibhse chomh maith.
Labhair mé na nithe sin libh, chun go mbeadh síocháin agaibh ionamsa. Tá buairt agaibh sa saol, ach bíodh misneach agaibh. Tá buaite agamsa ar an saol.”