Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eoin 14:16

An Bíobla Naofa 1981

Agus iarrfaidh mé ar m'Athair é, agus tabharfaidh sé Abhcóide eile daoibh chun fanacht faraibh go deo -

Féach an chaibidil Cóip

31 Tagairtí Cros  

ag múineadh dóibh gach ní atá ordaithe agam a choinneáil. Agus féach, táim in éineacht libh i gcónaí go dtí deireadh an tsaoil.”

Má iarrann sibh aon ní orm i m'ainm, déanfaidh mé é.

Ní fhágfaidh mé in bhur ndílleachtaí sibh; tiocfaidh mé ar ais chugaibh.

ach an tAbhcóide, an Spiorad Naomh, a chuirfidh an tAthair uaidh i m'ainmse, múinfidh seisean an uile ní daoibh, agus cuirfidh sé i gcuimhne daoibh, ar inis mise daoibh.

Nuair a thiocfaidh an tAbhcóide a chuirfidh mé chugaibh ón Athair, Spiorad na Fírinne a ghluaiseann ón Athair, déanfaidh sé fianaise orm.

Agus sibhse mar an gcéanna, tá buairt oraibh anois, ach feicfidh mé arís sibh, agus beidh bhur gcroí ag déanamh áthais, agus ní bhainfidh duine ar bith bhur n‑áthas díbh.

Nílim á ghuí go dtógfá as an saol iad, ach go gcoinneofá ón Olc iad.

Ní ar a son-san amháin atáim ag guí, ach, mar an gcéanna, ar son na ndaoine a chreidfidh ionam trína mbriathar;

Ach má olann aon duine an t‑uisce a thabharfaidh mise dó, ní bheidh tart air go brách na breithe. Ach an t‑uisce a thabharfaidh mise dó, déanfaidh tobar uisce de istigh ann, ag brúchtaíl chun na beathn síoraí.”

Dúirt sé an chaint sin ag tagairt don Spiorad a bhí le glacadh acu siúd a chreid ann. Óir ní raibh an Spiorad [bronnta] fós mar go raibh Íosa fós gan glóiriú.

Uair dá raibh sé ina gcuibhreann d'ordaigh sé dóibh gan corraí ó Iarúsailéim ach fanacht ann go dtí go gcomhlíonfaí gealltanas an Athar, “An gealltanas úd,” ar sé, “ar chuala sibh mé ag trácht air:

Agus bhí na deisceabail lán d'áthas agus den Spiorad Naomh.

Mar sin bhí síocháin ag an Eaglais ar fud Iúdáia go léir agus na Gailíle agus na Samáire. Lean sí á tógáil féin agus ag dul chun cinn faoi eagla an Tiarna agus ag dul i méid le cabhair an Spioraid Naoimh.

mar ní cúrsaí ite agus óil é ríocht Dé ach fíréantacht agus síocháin agus lúcháir sa Spiorad Naomh.

Go ndéana Dia an dóchais sibh a líonadh den áthas agus den tsíocháin uile sa chreideamh ar shlí go mbeidh raidhse den dóchas agaibh trí chumhacht an Spioraid Naoimh.

Ní chliseann an dóchas seo orainn mar tá ár gcroí líonta de ghrá Dé tríd an Spiorad Naomh a tugadh dúinn.

Nuair atá Dia dár saoradh, cé a dhéanfaidh ár ndaoradh? An é Críost a dhéanfaidh é, an té a fuair bás agus a tógadh ó mhairbh, atá fós ar dheis Dé agus atá ag idirghuí ar ár son?

Is é toradh a thugann an Spiorad uaidh, áfach, grá, lúcháir, síocháin, foighne, cineáltas, dea-chroí, dílseacht,

Dá bhrí sin más fiú aon ní an sólás a fhaigheann sibh i gCríost, más fiú aon ní an spreagadh a thagann ón ngrá, más fiú aon ní bhur gcumann leis an Spiorad, má tá cion nó trua ar bith ionaibh,

Agus go gcuire Íosa Críost féin ár dTiarna agus Dia ár nAthair, a thug grá dúinn agus a bhronn orainn in aisce sólás síoraí agus dóchas daingean,

Dá thoradh sin, is féidir leis na daoine a thagann chun Dé tríd a shlánú go hiomlán de bhrí go maireann sé de shíor chun idirghuí a dhéanamh ar a son.

A chlann liom, scríobhaim na nithe seo chugaibh le nach ndéana sibh aon pheaca; ach má dhéanann éinne peaca, tá abhcóide againn fara an Athair, Iosa Críost atá cóir.

Ach maidir libhse, maireann fós ionaibh an t‑ungadh a fuair sibh uaidh, agus ní call daoibh go múinfeadh aon duine sibh mar gur mhúin a ungadhsan gach ní daoibh. Agus is fíortheagasc é, agus ní aon bhréag - mar sin, faoi mar a mhúin sé daoibh, cloígí leis.

i ngeall ar an bhfírinne a mhaireann buan ionainn agus a mhairfidh ionainn go brách:




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí