Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eoin 14:13

An Bíobla Naofa 1981

Cibé ní a iarrfaidh sibh i m'ainm déanfaidh mé é, i dtreo go dtabharfaí glóir don Athair tríd an Mac.

Féach an chaibidil Cóip

36 Tagairtí Cros  

Agus an uile ní a iarrfaidh sibh le barr creidimh sa ghuí, gheobhaidh sibh é.”

“Iarraigí, agus tabharfar daoibh; lorgaigí, agus gheobhaidh sibh; buailigí, agus osclófar daoibh.

Deirim libh dá bhrí sin, an uile ní a bheidh á impí agus á iarraidh agaibh, creidigí go bhfuil sé faighte agaibh, agus gheobhaidh sibh é.

Agus deirim libh, iarraigí, agus tabharfar daoibh; lorgaigí, agus gheobhaidh sibh; buailigí, agus osclófar daoibh.

Is aon mise agus an tAthair.”

Ghlaoigh Íosa de ghuth ard agus dúirt: “An té a chreideann ionamsa, ní chreideann sé ionamsa, ach sa té a chuir uaidh mé.

Nuair a d'imigh sé amach, dúirt Íosa: “Tá glóir faighte ag Mac an Duine anois, agus tá glóir faighte ag Dia ann.

Má iarrann sibh aon ní orm i m'ainm, déanfaidh mé é.

Dúirt Íosa leis: “Is mise an tslí, an fhírinne agus an bheatha. Ní thagann aon duine go dtí an tAthair ach tríomsa.

Ní sibhse a rinne mise a thoghadh, ach mise a rinne sibhse a thoghadh, agus a cheapadh chun go n‑imeodh sibh agus toradh a thabhairt agus go mairfeadh bhur dtoradh; i dtreo, cibé ní a d'iarrfadh sibh ar an Athair i m'ainm, go dtabharfadh sé daoibh é.

Má fhanann sibh ionamsa agus má fhanann mo bhriathra ionaibh, iarrfaidh sibh cibé ní is mian libh agus déanfar daoibh é.

An lá sin ní bheidh aon cheist le cur agaibh orm. Amen, Amen, a deirim libh, má iarrann sibh ní ar bith ar an Athair tabharfaidh sé daoibh é i m'ainm-sé.

Iarrfaidh sibh i m'ainm an lá sin, agus nílim á rá libh go ndéanfaidh mé achainí ar an Athair ar bhur son.

Insím an fhírinne daoibh, áfach: is é bhur leas mise a imeacht, mar mura n‑imeoidh mé, ní thiocfaidh an tAbhcóide chugaibh; ach má imím, cuirfidh mé chugaibh é.

D'fhreagair Íosa: “Dá mba eol duit tabhartas Dé,” ar sé léi, “agus cé hé a deir leat: ‘Tabhair dom deoch,’ is tusa a bheadh ag iarraidh airsean, agus thabharfadh sé duit uisce beo.”

Ach má olann aon duine an t‑uisce a thabharfaidh mise dó, ní bheidh tart air go brách na breithe. Ach an t‑uisce a thabharfaidh mise dó, déanfaidh tobar uisce de istigh ann, ag brúchtaíl chun na beathn síoraí.”

Thug Íosa freagra: “Amen, Amen, a deirim libh, ní féidir don Mhac aon ní a dhéanamh uaidh féin mura bhfeiceann sé ní éigin á dhéanamh ag a Athair. Cibé nithe a dhéanann an tAthair, déanann an Mac iad ar an gcuma chéanna.

Lá mór deireanach na féile sheas Íosa agus ghlaoigh in ard a ghutha: “Má tá tart ar aon duine,” ar sé, “tagadh sé chugamsa agus óladh sé!

An té a labhraíonn i dteanga, mar sin, bíodh sé ag guí go ndéanfaidh duine éigin a chaint a mhíniú.

mar is tríd atá teacht againn araon ar an Athair faoi luí an aon Spioraid.

Is é Críost a bheir dúinn a bheith teann de bharr ár gcreidimh agus dul go muiníneach i láthair Dé.

Sin é an fáth a dtéim ar mo ghlúine i bhfianaise an Athar

Táim in ann gach ní a dhéanamh le cabhair an té úd a thugann neart dom.

Agus gach ní dá ndéanann sibh le briathar nó le gníomh, déanaigí an t‑iomlán in ainm an Tiarna Íosa ag gabháil buíochais le Dia an tAthair tríd.

Mar sin de, ofrálaimis íobairt bhuanmholta chun Dé trí Íosa Críost, is é sin le rá, briathra ár mbéil ag moladh a ainm.

Ní amhlaidh atá ardsagart againn nach féidir dó tuiscint a bheith aige dár laigí ach ceann a triaileadh i ngach slí cosúil linn féin ach nach ndearna peaca riamh.

Dá thoradh sin, is féidir leis na daoine a thagann chun Dé tríd a shlánú go hiomlán de bhrí go maireann sé de shíor chun idirghuí a dhéanamh ar a son.

Má tá easpa eagna ar aon duine, iarradh sé ar Dhia í, Dia a thugann le féile do gach duine agus nach bhfuil ina dhiaidh orthu, agus tabharfar dó í.

Admhaígí bhur bpeacaí dá chéile agus guígí ar son a chéile ionas go leigheasfar sibh; is mór í éifeacht urnaí dhúthrachtach an duine fhíréanta.

agus tógtar sibhse féin, faoi mar ba bheochlocha sibh, in bhur n‑áras spioradálta, le bheith in bhur sagartacht naofa le híobairtí spioradálta taitneamhacha a ofráil do Dhia trí Íosa Críost.

Agus cibé ní a agraímid air, gheobhaimid uaidh é, ó tharla go gcoinnímid a aitheanta agus go ndéanaimid beart de réir a thaitnimh.

Agus seo í an mhuinín atá againn ina leith, cibé céard a agraímid air de réir a thola go n‑éisteann linn.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí