Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eoin 14:12

An Bíobla Naofa 1981

Nó murab é sin, creidigí mar gheall ar na hoibreacha féin. Amen, Amen, a deirim libh, an té a chreideann ionamsa, na hoibreacha a dhéanaimse, déanfaidh seisean iad chomh maith, agus déanfaidh sé oibreacha is mó ná iad; mar táimse ag dul chun an Athar.

Féach an chaibidil Cóip

28 Tagairtí Cros  

Dúirt Íosa leo á bhfreagairt: “Deirim libh go fírinneach, má bhíonn creideamh agaibh agus gan bheith in amhras faoi, ní hé an beart seo amháin an chrann fígí a dhéanfaidh sibh, ach fós, má deir sibh leis an sliabh seo: ‘Éirigh suas agus déan tú féin a chaitheamh san fharraige’, déanfar sin.

Nuair a chonaic sé i bhfad uaidh crann fígí agus duilliúr air, chuaigh sé féachaint an bhfaigheadh sé aon toradh air. Agus nuair a tháinig sé chuige ní bhfuair sé aon ní ach duilliúr mar níorbh é aimsir na bhfígí é.

“Agus leanfaidh na comharthaí seo an dream a chreideann: caithfidh siad deamhain amach i m'ainmse, labhróidh siad i dteangacha nua;

Chuala sibh mé á rá libh: ‘Táim ag imeacht uaibh, agus tiocfaidh mé ar ais chugaibh.’ Dá mbeadh grá agaibh dom, bheadh áthas oraibh, óir táim ag dul go dtí an tAthair, mar is mó an tAthair ná mise.

Insím an fhírinne daoibh, áfach: is é bhur leas mise a imeacht, mar mura n‑imeoidh mé, ní thiocfaidh an tAbhcóide chugaibh; ach má imím, cuirfidh mé chugaibh é.

Óir is fíor don seanfhocal sa mhéid seo: ‘Cuireann duine, baineann duine eile.’

Óir tá cion ag an Athair ar an Mac agus taispeánann sé dó a ndéanann sé féin, agus taispeánfaidh sé dó oibreacha is mó ná iad seo i dtreo go mbeidh ionadh oraibhse.

Dúirt Íosa leo dá bhrí sin: “Beidh mé faraibh tamall beag fós, ansin fillfidh mé ar an té a chuir uaidh mé.

Dúirt sé an chaint sin ag tagairt don Spiorad a bhí le glacadh acu siúd a chreid ann. Óir ní raibh an Spiorad [bronnta] fós mar go raibh Íosa fós gan glóiriú.

mar chuala siad ag caint iad i dteangacha agus ag móradh Dé.

Bhíodh sí á dhéanamh seo ar feadh mórán laethanta go dtí go raibh Pól chomh cráite sin aici gur iompaigh sé uirthi agus go ndúirt leis an spiorad: “Fógraím duit in ainm Íosa Críost imeacht amach aisti.” Agus d'imigh sé aisti an nóiméad sin.

ciarsúirí agus naprúin fiú amháin a chuimil dá chraiceann, nuair a thugtaí go dtí na daoine tinne iad, d'fhágadh na galair iad agus d'imíodh na spioraid mhallaithe astu.

Agus tar éis a ardaithe ar dheis Dé, fuair sé óna Athair an Spiorad a bhí geallta agus dhoirt amach orainne é agus is é sin atá á fheiceáil agus á chloisteáil agaibhse.

An méid díobh a ghlac lena theachtaireacht, baisteadh iad agus cuireadh tuairim is trí mhíle duine lena líon an lá sin.

“Cad a dhéanfaimid leis na daoine seo?” ar siad. “Tá míorúilt shuntasach déanta acu, rud is follas d'áitritheoirí Iarúsailéim ar fad, agus ní féidir dúinne é a shéanadh.

Bhí na haspail go lándícheallach ag tabhairt fianaise ar aiséirí Chríost agus bhí grásta Dé go fras orthu uile.

Mórán dá raibh ag éisteacht leis an teachtaireacht, áfach, chreid siad, agus bhí tuairim is cúig mhíle fear acu ann.

sa tslí go mbíodh na hothair á dtabhairt amach ar na sráideanna acu agus á síneadh ar réleapacha agus ar shráideoga le súil, nuair a bheadh Peadar ag gabháil thar bráid, go luífeadh a scáil féin ar dhuine éigin acu.

De réir mar a leath briathar Dé, chuaigh líon na ndeisceabal in Iarúsailéim i méad as cuimse, agus ghlac buíon mhór de na sagairt féin leis an gcreideamh.

Mórán a raibh deamhain mhíghlana iontu, tháinig na deamhain amach astu agus iad ag screadadh de ghlór ard; agus leigheasadh mórán pairiliseach agus bacach,

Labhair Peadar leis: “A Aenéas,” ar sé, “tá Íosa Críost do do leigheas. Éirigh i do shuí agus cóirigh do leaba.” Agus d'éirigh sé láithreach.

Ach chuir Peadar gach duine acu amach agus chaith sé é féin ar a ghlúine ag guí. Ansin d'iompaigh sé chun an choirp, á rá: “A Thaibít, éirigh i do shuí.” D'oscail sise a súile agus ar fheiceáil Pheadair di, d'éirigh sí aniar.

le neart comharthaí agus éachtaí agus le cumhacht an Spioraid Naoimh. Dá réir sin tá dea-scéal Chríost craobhscaoilte go forleathan agam ó Iarúsailéim amach agus mórthimpeall chomh fada le hIlliriocum.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí