D'fhreagair Íosa iad: “Tá a lán oibreacha fónta taispeánta agam daoibh ó m'Athair. Cé acu obair díobh a bhfuil sibh ag gabháil de chlocha ionam mar gheall uirthi?”
Ach má dhéanaim, fiú amháin mura gcreideann sibh mé, creidigí sna hoibreacha, i dtreo go mbeadh a fhios agaibh, agus go dtuigfeadh sibh, go bhfuil an tAthair ionam, agus mise san Athair.”
Nach gcreideann tú go bhfuilimse san Athair agus an tAthair ionamsa? Na briathra a labhraímse libh, ní uaim féin a labhraím iad, ach an tAthair atá ina chónaí ionamsa, eisean a dhéanann na hoibreacha.
Ach tá fianaise agamsa is mó ná fianaise Eoin. Óir na hoibreacha a thug m'Athair dom le cur i gcrích, na hoibreacha sin féin a dhéanaim, tugann siad fianaise gur chuir an tAthair uaidh mé.
“A fheara Iosrael, éistigí leis na briathra seo: Fear ab ea Íosa Nazórach ar thug Dia féin teastas daoibh air leis na míorúiltí agus na héachtaí agus na fearta a rinne Dia tríd fad a bhí sé in bhur measc, mar is eol daoibh féin.