Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eoin 14:10

An Bíobla Naofa 1981

Nach gcreideann tú go bhfuilimse san Athair agus an tAthair ionamsa? Na briathra a labhraímse libh, ní uaim féin a labhraím iad, ach an tAthair atá ina chónaí ionamsa, eisean a dhéanann na hoibreacha.

Féach an chaibidil Cóip

26 Tagairtí Cros  

Is aon mise agus an tAthair.”

Ach má dhéanaim, fiú amháin mura gcreideann sibh mé, creidigí sna hoibreacha, i dtreo go mbeadh a fhios agaibh, agus go dtuigfeadh sibh, go bhfuil an tAthair ionam, agus mise san Athair.”

agus gach duine a mhaireann is a chreideann ionamsa, ní bhfaighidh sé bás choíche. An gcreideann tú an méid sin?”

Óir ní uaim féin a labhair mé, ach an tAthair féin a chuir uaidh mé, thug seisean ordú dom, cad a déarfainn agus cad a labhróinn.

Creidigí uaimse é go bhfuilimse san Athair agus an tAthair ionamsa.

An lá sin aithneoidh sibh go bhfuilimse i m'Athair, agus go bhfuil sibhse ionamsa, agus mise ionaibh.

An té nach mbíonn grá aige dom, ní choinníonn sé mo bhriathra. Ach an briathar a chluineann sibh, ní liom féin é, ach leis an Athair a chuir uaidh mé.

óir na briathra a thug tú dom, thug mé dóibh iad, agus ghlac siad iad agus thuig siad go fíor gur uaitse a tháinig mé, agus chreid siad gur tú a chuir uait mé.

Tháinig an duine seo chuige san oíche agus dúirt leis: “Tá fhios againn, a raibí, gur oide thú a tháinig ó Dhia óir ní féidir le haon duine na comharthaí seo a dhéanann tú a dhéanamh gan Dia a bheith leis.”

Is é freagra a thug Íosa orthu: “Tá m'Athair ag obair anois, agus riamh, agus táimse ag obair chomh maith.”

Thug Íosa freagra: “Amen, Amen, a deirim libh, ní féidir don Mhac aon ní a dhéanamh uaidh féin mura bhfeiceann sé ní éigin á dhéanamh ag a Athair. Cibé nithe a dhéanann an tAthair, déanann an Mac iad ar an gcuma chéanna.

D'fhreagair Íosa ansin: “An teagasc seo a thugaim,” ar sé, “ní liomsa é ach leis an té a chuir uaidh mé.

“Nuair a thógfaidh sibh in airde Mac an Duine, ansin beidh a fhios agaibh gur mise é, agus nach ndéanaim aon ní uaim féin, ach gur mar a theagasc an tAthair dom a labhraím na nithe seo.

Insím daoibhse na nithe a chonaic mé fara m'Athair. Ach déanann sibhse na nithe a chuala sibh ó bhur n‑athair.”

Ach anois tá sibh ag iarraidh mise a mharú, duine a labhair an fhírinne libh, faoi mar a chuala í ó m'Athair. Ní dhearna Abrahám é sin.

an scéal faoi Íosa ó Nazarat: mar a choisric Dia é leis an Spiorad Naomh agus le cumhacht; mar a chuaigh sé timpeall na tíre ag déanamh na maitheasa agus ag leigheas gach duine a bhí faoi smacht an diabhail, mar go raibh Dia fairis.

Is é sin le rá go raibh Dia i gCríost ag tabhairt an domhain chun athmhuintearais leis féin, gan cionta na ndaoine a agairt orthu, agus gur fúinne a d'fhág sé fógairt an athmhuintearais sin.

Mar is ann ab áil le lánmhaireacht iomlán Dé a bheith ina cónaí,

Mar is i gCríost atá iomláine Dé ina chónaí go corpartha

Tá triúr ann a thugann fianaise (ar neamh, an tAthair, an Briathar, agus an Spiorad Naomh; agus is aon an Triúr. Agus tá triúr a thugann fianaise ar talamh:)




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí