Dúirt Síomón Peadar leis: “A Thiarna, cá bhfuil tú ag dul?” D'fhreagair Íosa é: “Mar a bhfuilimse ag dul, ní féidir duitse mé a leanúint anois, ach leanfaidh tú mé níos déanaí.”
A chlann ó, is gearr eile atá agam in bhur bhfochair. Beidh sibh ar mo lorg, agus faoi mar a dúirt mé leis na Giúdaigh, deirim libhse arís: ‘An áit ina bhfuilimse ag dul ní féidir daoibhse teacht.’
Ansin dúirt cuid dá dheisceabail le chéile: “Cad é seo a deir sé linn: ‘Tamall beag agus ní fheicfidh sibh mé, agus tamall beag eile, agus beidh radharc agaibh orm’; agus ‘mar táim ag triall ar an Athair’?”