D'fhreagair Íosa dá bhrí sin: “An té dá dtabharfaidh mise an bruan aráin a thumfaidh mé, sin é é.” Ansin thum sé an bruan agus thug sé do Iúdás mac Shíomóin Isceiriót é.
Síomón Díograiseach agus Iúdás Isceiriót, an fear a bhraith é.
Ansin chuaigh duine den dáréag, arbh ainm dó Iúdás Isceiriót, go dtí uachtaráin na sagart
D'fhreagair sé: “Duine a thum a lámh sa mhias i mo theannta,” ar seisean, “sin é a dhéanfaidh mé a bhrath.
Féach, áfach: tá lámh fhear mo bhraite in éineacht liom ag an mbord.
Thóg seisean an bruan dá bhrí sin agus d'imigh sé amach gan mhoill. Bhí an oíche ann.