Foilsígí dúinn cad a bheidh ann amach anseo, chun go bhfeice muid an déithe sibh. Déanaigí rud éigin, olc, maith nó dona, chun go n‑airí muid agus go bhfeice muid go léir é.
Is sibhse mo chuidse finnéithe - briathar an Tiarna - agus mo ghiollaí atá tofa agam, ionas go mbeidh aithne agaibh orm agus go gcreidfidh sibh mé agus go dtuigfidh sibh gur mise é. Romhamsa níor dealbhaíodh aon dia, ná ní bheidh a leithéid ann arís i mo dhiaidh.
Is uime sin a d'fhoilsigh mé rudaí duit roimh ré; sula dtarlódh siad, d'fhógair mé duit iad, ionas nach mbeifeá á rá: “M'íol is é a rinne iad; mo dhealbh shnoite, mo dhealbh leáite a d'ordaigh!”
“Féach! Tá mo theachtaire á chur amach agam chun an bóthar a réiteach romham; agus an Tiarna atá á lorg agaibh, rachaidh sé isteach ina Theampall go tobann; agus aingeal an chonartha, a bhfuil sibh ag tnúth leis, tá sé ag teacht, a deir Tiarna na Slua.
Tagann Eoin ag tabhairt fianaise ina thaobh agus glaonn in ard a ghutha: “É seo an té a ndúirt mé faoi: ‘An té atá ag teacht í mo dhiaidh, tá an tosach aige orm mar bhí sé ann romham.’ ”
D'inis mé an méid sin daoibh ionas go mbeadh cuimhne agaibh, nuair a thiocfaidh an t‑am dó, gur inis mé daoibh é. Níor dhúirt mé na nithe seo libh ó thus mar bhí mé in bhur bhfochair.
“Nuair a thógfaidh sibh in airde Mac an Duine, ansin beidh a fhios agaibh gur mise é, agus nach ndéanaim aon ní uaim féin, ach gur mar a theagasc an tAthair dom a labhraím na nithe seo.