Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eoin 13:18

An Bíobla Naofa 1981

“Nílim ag labhairt oraibh go léir, óir aithním na daoine a thogh mé, ach chun go gcomhlíonfaí an scrioptúr: ‘An té a d'ith arán liom, d'ardaigh sé a sháil i mo choinne.’

Féach an chaibidil Cóip

27 Tagairtí Cros  

“Tháinig galar gáifeach air,” a deir siad le chéile, “an té a chuaigh a luí ní éireoidh sé choíche.”

d'éirigh Ísmeáéil mac Natainiá ina sheasamh agus an deichniúr fear a bhí ina fhochair. Thug siad faoi Ghadailiá mac Aichíceám, mac Sheáfán, lena gclaimhte agus mharaigh siad an té dá ndearna rí na Bablóine rialtóir os cionn na tíre.

agus is iad lucht a theaghlaigh féin is naimhde do dhuine.

Agus le linn dóibh bheith ag ithe, dúirt: “Deirim libh go fírinneach, braithfidh duine agaibh mé.”

D'fhreagair sé: “Duine a thum a lámh sa mhias i mo theannta,” ar seisean, “sin é a dhéanfaidh mé a bhrath.

Nuair a bhí an tráthnóna ann, tháinig sé leis an dáréag.

Agus nuair a bhí siad ina suí ag ithe, dúirt Íosa: “Deirim libh go fírinneach: tá duine agaibh atá ag ithe in éineacht liom a bhraithfidh mé.”

Dúirt sé leo: “Duine den dáréag é, duine a thumann a lámh sa mhias i mo theannta.

Féach, áfach: tá lámh fhear mo bhraite in éineacht liom ag an mbord.

Ar rá na cainte sin d'Íosa, tháinig suaitheadh spioraid air, thug fianaise agus dúirt: “Amen, Amen, a deirim libh, déanfaidh duine agaibh mé a bhrath.”

D'fhéach na deisceabail ar a chéile ansin agus iad in amhras i dtaobh cé air ar labhair sé.

D'fhreagair Íosa dá bhrí sin: “An té dá dtabharfaidh mise an bruan aráin a thumfaidh mé, sin é é.” Ansin thum sé an bruan agus thug sé do Iúdás mac Shíomóin Isceiriót é.

Ní sibhse a rinne mise a thoghadh, ach mise a rinne sibhse a thoghadh, agus a cheapadh chun go n‑imeodh sibh agus toradh a thabhairt agus go mairfeadh bhur dtoradh; i dtreo, cibé ní a d'iarrfadh sibh ar an Athair i m'ainm, go dtabharfadh sé daoibh é.

Dá mba den saol sibh bheadh cion ag an saol ar a chuid féin. Ach de bhrí nach den saol sibh ach go ndearna mise sibh a thoghadh as an saol, uime sin atá fuath ag an saol daoibh.

Ach ionas go gcomhlíonfaí an focal atá scríofa sa dlí acu [é sin]: ‘Thug siad fuath dom gan chúis.’

Fad a bhí mé faru, choinnigh mé iad i d'ainm - an t‑ainm a chuir tú faoi mo chúram, agus thug mé aire dóibh, agus níor imigh íde ar aon duine acu, ach ar mhac na híde, ionas go gcomhlíonfaí an scrioptúr.

chun go gcomhlíonfaí an focal a dúirt Íosa á chur in iúl cén sórt báis ba dhán dó a fháil.

Mar sin, dúirt siad le chéile: “Ná stróicimis é, ach é a chur ar chrainn cé aige go mbeidh sé” - chun go gcomhlíonfaí an scrioptúr a deir: “Roinn siad mo chuid éadaigh eatarthu, agus chuir siad ar chrainn mo chulaith.” Rinne na saighdiúirí an méid sin.

Óir tharla an méid sin chun go gcomhlíonfaí an scrioptúr: “Aon chnámh ann ní bhrisfear.”

Dúirt sé leis an tríú huair: “A Shíomóin mhic Eoin, an bhfuil grá agat dom?” Tháinig buairt ar Pheadar mar go ndúirt sé leis an tríú huair: “An bhfuil grá agat dom?” Agus dúirt sé leis: “A Thiarna, tá fios gach ní agat. Tá a fhios agat go bhfuil grá agam duit.” Dúirt Íosa leis: “Déan mo chaoirigh a chothú.”

D'fhreagair Íosa iad: “Nach ndearna mé, sibhse, an dáréag agaibh, a thoghadh? Agus is diabhal duine agaibh.”

“A bhráithre,” ar sé, “níorbh fholáir an tuar a theacht faoin tairngreacht úd a labhair an Spiorad Naomh sa scrioptúr trí bhéal Dháiví faoi Iúdás, an fear a rinne eolas na slí dóibh siúd a ghabh Íosa,

go dtí an lá a tógadh suas ar neamh é, tar éis dó a chuid orduithe a thabhairt le cabhair an Spioraid Naoimh do na haspail a bhí tofa aige.

Ní dár bhfógairt féin atáimid ach ag fógairt Íosa Críost ina Thiarna agus gan ionainne ach seirbhísigh daoibhse ar son Íosa.

Níl créatúr ar bith ann nach follas dó é; mar tá gach ní lom agus nocht do shúile an té sin a gcaithfimid cuntas a thabhairt dó inár ngníomhartha.

agus imreoidh mé bás ar a clann, agus beidh fhios ag na heaglaisí uile gur mise a scrúdaíonn an aigne agus an croí, agus tabharfaidh mé do gach duine agaibh díol de réir bhur ngníomhartha.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí