Óir is dea-obair í sin atá déanta aici orm; óir bíonn na boicht in bhur measc agaibh i gcónaí, agus féadann sibh maith a dhéanamh dóibh nuair is áil libh; ach nílimse le bheith agaibh i gcónaí.
Dúirt Íosa leo ansin: “Tá an solas agaibh go fóill, tamall beag. Déanaigí siúl fad tá an solas agaibh, i dtreo nach mbéarfadh an dorchacht oraibh. An té a shiúlann sa dorchacht, níl a fhios aige cá mbíonn sé ag dul.
A chlann ó, is gearr eile atá agam in bhur bhfochair. Beidh sibh ar mo lorg, agus faoi mar a dúirt mé leis na Giúdaigh, deirim libhse arís: ‘An áit ina bhfuilimse ag dul ní féidir daoibhse teacht.’
Dúirt Íosa leo arís: “Tá mé ag imeacht agus beidh sibh ar mo lorg, agus gheobhaidh sibh bás in bhur bpeaca. An áit ina bhfuilim ag dul, ní féidir daoibhse teacht.”
Ní bheidh, ar ndóigh, an tír choíche gan bhochtán; uime sin ordaím duit: Bí fial flaithiúil i gcónaí le do bhráthair, agus le haon duine i do thír atá ar an gcaolchuid nó dealbh.