Dúirt Íosa ansin: “Lig di chun go gcoimeádfaidh sí é i gcomhair lá m'adhlactha.
Óir bhí sé ina sheasamh ar dheasláimh an bhochtáin lena shábháil ó lucht a dhaortha.
Dúirt aingeal an Tiarna leis an Áibhirseoir: “Go dtuga an Tiarna achasán duit, a Áibhirseoir! Go dtuga an Tiarna, a rinne rogha de Iarúsailéim, achasán duit! Nach aibhleog a sciobadh ón tine an fear seo?”
Ach bhí a fhios ag Íosa agus dúirt sé leo: “Cén fáth a bhfuil sibh ag déanamh cros don bhean? Óir is dea-obair í sín atá déanta aici orm;
agus nuair a scaoil sí an ola chumhra seo faoi mo chorp, is le haghaidh m'adhlactha a rinne sí é.
Ach dúirt Íosa: “Ligigí di! Cén fáth a bhfuil sibh ag déanamh cros di?
Tháinig i láthair ansin fear darbh ainm Iósaef, ba bhall den chomhairle, duine maith fíréanta.