San am céanna, áfach, chreid a lán de na huachtaráin féin ann, ach níor admhaigh siad é mar gheall ar na Fairisínigh le heagla go gcuirfí as an tsionagóg iad.
Éistigí liom, sibhse a bhfuil eolas an chirt agaibh, a phobal a mheabhraíonn mo dhlíthe in bhur gcroí. Ná bíodh eagla oraibh roimh mhasla daoine ná anbhuain de bharr a gcuid achasán.
Cé a chuir an eagla agus an t‑uamhan ort gur shéan tú mé, go ndearna tú dearmad orm agus nár choinnigh tú áit i do chroí dom? Ach mise, an ea nár fhan mé i mo thost, nár dhún mé mo shúile? Mar sin níl eagla ort romhamsa.
Éistigí le briathar an Tiarna, sibhse a bhfuil urraim agaibh dá bhriathar Bhur muintir féin gur fuath leo sibh, agus a thugann droim láimhe libh de dheasca m'ainm, deir siad: “Taispeánadh an Tiarna a ghlóir, go bhfeicimid sibh ag déanamh gairdis.” Ach is orthu féin a bheidh an náire.
Dúirt an rí Zidicíá le Irimia ansin: “Tá eagla orm roimh na Giúdaigh atá imithe cheana do thaobh na gCaildéach, ar fhaitíos go dtabharfaí ina lámha siúd mé agus go dtabharfaidís ainíde orm.”
“Is méanar daoibh nuair is fuath le daoine sibh agus nuair a scarfaidh siad amach sibh agus bhur n‑ainm a aithisiú agus a fhógairt mar dhrochainm, mar gheall ar Mhac an Duine.
Ina dhiaidh sin d'iarr Iósaef ó Airiomatáia cead ar Phioláit - ba dheisceabal d'Íosa é; os íseal, áfach, ar eagla na nGiúdach - corp Íosa a bhreith leis, agus thug Pioláit an cead.
Tháinig an duine seo chuige san oíche agus dúirt leis: “Tá fhios againn, a raibí, gur oide thú a tháinig ó Dhia óir ní féidir le haon duine na comharthaí seo a dhéanann tú a dhéanamh gan Dia a bheith leis.”
Labhair a thuismitheoirí mar sin mar bhí eagla na nGiúdach orthu. Óir bhí sé socair cheana ag na Giúdaigh aon duine a d'admhódh gurbh é an Críost é a dhíbirt as an tsionagóg.